Title: RÍ CON ÉIREANN ÁBHARTACH

Author:BRIAN Ó CORCRÁN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Rí con Éireann Ábhartach
Author: Brian Ó Corcrán

1] Rí con Éireann Ábhartach
2] coiléan ciuin cruadhbhánaltach;
3] is tuar clú a hoirbhearta áigh
4] cú bhus oirrdhearca n-iomráidh.
5] Iomdha cáil inar chóir geall
6] don cheannphurt-sain con n-Éireann;
7] barr clú ní diommoltair dhi
8] an cú im fhionnochtaibh Éirne.
9] Mac Ioldathaigh na n-arm nocht,
10] fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht,
11] ainm agus a clú re a cois,
12] an cú gidh airm i n-uarais.
13] Uasal an treabh dá dtá sin;
14] is mac Ábhartach d'Fhinngil;
15] fuair a sbairn caithréim don choin
16] Caithréim do b'ainm dá hathair.
17] Bíoth nach béaradh buadh ndealbha
18] an cú cumtha croibhfheardha
19] dul rompa ní clú don choin
20] cú as corcra crú i gconaibh.
21] Ní cú más fhíor a heachtra
22] achd duine i ndeilbh draoidheachta
23] ---is tearc lá nach dearbhthar dhuibh--24] a-tá mar fhearchoin agaibh.
25] Cú le mórthar gach meadhair,
26] cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh,
27] cú as toileamhla fa dtád Goill
28] an tsoidhealbhdha ág áluinn.
29] Is d'iarrsma na gcon gcalma
30] an cú céillidh cathardha
31] ag Fionn reachtmhar rí na n-óg
32] do bhí neartmhar a-nall-ód.
33] Nó is í cú mheic Morna mhir
34] dar bh'ainm Iorghal an uair-sin
35] ba caithleomhan re cneas Goill
36] bheas do haithbheodhadh eadroinn.
37] Nó is í Foirneart cruaidh calma
38] an cú ceannard cathardha,
39] cú Osgair na gcuach gcam
40] ba luath gcosgair i gcomhlann.
41] Nó cú mheic Lughach na learg
42] dar bh'ainm chubhaidh an Ceinndearg,
43] an cú glan seamfhaobhrach seang
44] ór ghearrshaoghlach damh díleann.
45] Gá dtám, do choimmeas na gcon
46] do ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL VIAGGIO DELLA MADREPERLA 3 – L’OMBRA DELLE PIETREDINO PARK vol. 2IL BRUTTO ANATROCOSOIL RIPOSINO
  • Libri.it
  • Treccani