Title: "TOSACH FÉILE FAIRSINGE"

Author:AODH OLLABHAR Ó CARRTHOIDH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Tosach féile fairsinge"
Author: Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh

1] "Tosach féile fairsinge"
2] ---d'fhuighlibh Fíthil an focal;
3] ní hiomdha dar n-aithnei-ne
4] neach as urra don tosach.
5] Ní thig tosach fadhálta
6] don tí dhligheas dán díom-sa;
7] ní budh mór dá bharánta
8] tosach an teagaisg ríoghdha.
9] Dó as fhearr thig an tosach-sa
10] Ó Maol Ruanaidh rí Céise;
11] tearc neach ar an domhan-sa
12] as fhairsinge ná as fhéile.
13] Do-bhéaradh Mac Diarmuda
14] a shúil tar ceann a einigh;
15] dá mbeith fear a hiarrata
16] níor bh'ei-sean fear a heitigh.
17] Ní ar domhan ní shanntuigheann
18] acht dá dháil dá gach duine;
19] nochan fearr an gallmhuileann
20] ó léigtear é fa uisge.
21] Tomhaltach Mac Diarmuda
22] mac na ríoghna ó Ráith Chruachan
23] gá seadh méad a iarrata
24] 's gur mó sa chách a chnuasach.
25] Rí maicne Maoil mhórRuanaidh
26] 'ga dtá an t-eineach i gcartaigh
27] fíon dá ól a hórchuachaibh
28] uime ó mhadain go madain.
29] Is uasal an t-aoghaire,
30] a-tá aca ar a n-eineach;
31] ní fhacas fós aonduine
32] ag dul uadha fa eiteach.
33] Gearr budh lón a ionnmhus-san
34] muna bheith Dia dá cosnamh,
35] lámh aige dá thiodhlacadh
36] is lámh oile dá bhronnadh.
37] Ní hí cuid na céadoidhche
38] do-bheir Dia dá dhreich mhínghil
39] acht é ag riar gach éanchoinnmhe
40] bhíos 'n-a chás air dar-íribh.
41] A dtabhair mac Conchobhair
42] agus a bhfaghann chuige
43] aige ní fhuil comhchosmhail
44] acht trághadh agus tuile.
45] Dá mbeith gan bhád ionlocha
46] 's a dhámh i bpurt an locha
47] do rachadh flaith Fiodhnacha
48] dá bháthadh ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL BRUTTO ANATROCOSOSCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILEDINO PARK vol. 2I DUDÙ VANNO A SCUOLA?
  • Libri.it
  • Treccani