Title: TEINE AR N-A FADÁGH FEARG DÉ

Author:PHILIP BOCHT Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Teine ar n-a fadágh fearg Dé
Author: Philip Bocht Ó hUiginn

1] Teine ar n-a fadágh fearg Dé;
2] tearc dínn nach daorfadh fínné;
3] ní as sia nar fhaduigh i-se
4] cia nach faduigh fúithei-se.
5] Smál ar an dteine ní théid;
6] caidhe lasair a leithéid,
7] gríos as teo iná gach teine
8] bhíos beo agus do báidhfide?
9] Tairgeam síoth ar son ar gcean,
10] mithidh turnamh na teineadh;
11] a chlann Éabha, a fhuigheall áir,
12] cuiream séala ar an síothcháin.
13] A-tá mar ghrís a gabháil;
14] ní hurusa a hiongabháil
15] fearg ag Dia ris gach nduine:
16] a fhearg cia ren cosmhaile?
17] Ris budh cosmhail ar gcabhair
18] m'aonghrádh do na heasbalaibh;
19] sían té do bhí agus bhias
20] go dtí dhíom é agus d'Aindrias.
21] Go gcurthar a-nuas do nimh
22] le guaillidhe Dé dhúiligh
23] ní as a dturnfadh an teine
24] im chlí d'urchar aithrighe.
25] Muna thurna Dia na ndúl
26] an teine táthar d'fhadúdh
27] is é ar nDia eile an t-easbal;
28] cia an teine nach toirnfeadh-san?
29] Ag cur m'éagcóra im aighidh,
30] dom agra an tráth tiocfaidhir,
31] gá tarbha don bhreitheamh bhias
32] is feitheamh m'anma ar Aindrias?
33] A-tá mo bhiodhbha dom brath;
34] dlighim cobhair óm chomthach;
35] a samhail roimhe do rad
36] do chabhair oile an t-easbag.
37] Easbog do bhí eacht eile
38] i seilbh Aindrias d'áiridhe;
39] caraidh é tar gach n-asbal
40] 's é mar raghain rugasdar.
41] Lá dá bhfacaidh inghin óig
42] chuige---níor chian ó urchóid--43] do-chí gné an aisdir uirthe;
44] caisgidh é dá urnuighthe.
45] Do bhun an ghrádha ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI INSETTI vol. 2I DUDÙ VANNO A SCUOLA?MIRASOLVEIG. UNA VICHINGA NELLA TERRA DEGLI IROCHESI
  • Libri.it
  • Treccani