Title: UAIGNEACH A-TAOI, A THEACH NA MBRÁTHAR

Author:LOCHLANN ÓG Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar
Author: Lochlann Óg Ó Dálaigh

1] Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar,
2] beag dod bhuidhnibh tairise
3] do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla;
4] ní náir orchra ar th'airei-se.
5] Do díbreadh uait---uch mo thruaighe--6] do theaghlach bocht bráithreamhail;
7] do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,
8] a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.
9] Ionmhuin drong do díbreadh asat,
10] a eaglas bhláith bhúidhiodhan,
11] buidhean tromdha chomhthrom chiallda,
12] modhchlann diadha an Dúiliomhan.
13] A mhainisdear an mhúir shleasaigh
14] sloinntear ó Sliabh Fhorannáin,
15] caoinidh an flaith 's an saoi suilbhir
16] mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.
17] Fuarais cleachtadh céile n-iodhan,
18] a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh;
19] bheith it aonar níor dhual deit-se;
20] truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh.
21] D'éis na gcéile do chleacht tu-sa
22] a-taoi---truagh an mhalairt-se--23] gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha
24] gan fhear iarrtha th'amhairc-se.
25] Cuimhneach mé gur mheince leat-sa
26] líon áigh ógbhadh gcaithreannach
27] ag líonadh is-teagh id thiomchall,
28] a threabh fhionnchorr Aifreannach.
29] D'éis díbearta na n-ord uile
30] i n-iath Éireann eangfhoirbhthe
31] dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh
32] id bhláthar bheannuighthe.
33] D'aithle a n-uarais d'aoibhneas ghnáthach
34] do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach
35] ar uaigneas t'árais má féachtar
36] tárrais éachtchor iongantach.
37] Tu-sa it árus ealtan gcíocrach
38] ar gcaill th'aosa ionmhuine;
39] briseadh croidhe an tolg dá dtárras
40] t'ord i n-áras fhiodhbhuidhe.
41] T'altóra gan earradh gcrábhaidh,
42] do chluig chaoine cheolmhara,
43] mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra
44] mar taoi is damhna deordhubha.
45] Iomdha ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    MIRAIL CIMITERO DELLE PAROLE DOLCITILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOLA SIRENETTA
  • Libri.it
  • Treccani