Title: BRÉAGACH SIN A BHEAN

Author:ANLUAN MAC AODHAGÁIN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Bréagach sin a bhean
Author: Anluan Mac Aodhagáin

1] Bréagach sin a bhean,
2] ní beag seal don bhaois;
3] smachduigh th'aigneadh óg
4] a bhfuil ród dot aois.
5] Ainic thú ar an éag;
6] cuimhnigh, a ghéag ghlan,
7] bláth an domhain daoir
8] nach sealbh dhaoibh nó dhamh.
9] As do bhais mheir mhaoith
10] ná déin baois, a bhean;
11] gidh bé as bhuaine ré
12] ní mhairfe sé achd seal.
13] Ná déin eisdibh uaill
14] gearr san uaigh go mbiad
15] na lúba ar lí an óir,
16] ná tug dot óidh iad.
17] Bíodh th'aire ar an uaigh,
18] ná sill an ghruaidh gheal;
19] san tsúil mhairbh ghlais mhuill
20] ná cuir suim ná seadh.
21] San troigh rothruim réidh
22] ná fagh-sa féin fonn;
23] taobh as taise clúmh
24] tuig nach tú do chom.
25] Biaidh mar bhláth an fhiaigh
26] i gcriaidh ní cóir teann
27] snuadh t'ochta mar aol,
28] do bhruinne shaor sheang.
29] I dtalmhain tuar leoin
30] smuain fa dheoigh do dhul;
31] biaidh a ghné mar ghual
32] an béal go snuadh subh.
33] Ar ndul duit i gcré
34] mi-se gidh mé ann
35] ní thiobhrainn riot taobh,
36] a chúl na gcraobh gcam.
37] Ret fhaicsin, a fholt fiar,
38] do-chuaidh mo chiall uaim;
39] duit, a bhruinneall bhán,
40] badh aithreach lá an Luain.
41] Tuirseach dhamh 'n-a ndeoigh
42] briathra do bheoil bhinn;
43] do ghlór síthe sáimh
44] ní mé a-mháin do mhill.
45] Ná bí baoth do ghnáth
46] cuimhnigh cách ag éag;
47] an folt fleasgach fann
48] ní fhuil ann achd bréag.
Bréag.

...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    EDMONDO E LA SUA CUCCIALA PESTE SCARLATTATILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀAMICHE PER LA VITA - Nuova edizione
  • Libri.it
  • Treccani