Title: MAIRG DAR COMPÁNACH AN CHOLANN

Author:ATHAIRNE MAC EOGHAIN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Mairg dar compánach an cholann
Author: Athairne Mac Eoghain

1] Mairg dar compánach an cholann,
2] cumann fallsa ní fuath lé;
3] guais thall a cionta fam chomhair,
4] tiocfa am bhus omhain é.
5] Fuath m'anma is annsacht mo cholla
6] connradh meallta mairg do-ní;
7] mé dá toil congbhaidh an cholann
8] foghlaidh mar soin oram í.
9] Gach grádh riamh dá radas di-se
10] níor dhíol uirre ar fhuath na bpian;
11] do fhill mo ghrádh 'n-a fhuath oram
12] lán dom fhuath an cholann chriadh.
13] Ní díol ceana an cholann mheabhlach
14] gidh mór an toil thugas dí;
15] minic nach buan críoch a cumainn
16] ní fríoth achd fuar umainn í.
17] Lór dom theagasg gé táim aimhghlic
18] i n-am an bháis---is beart chruaidh--19] na huilc i dteine ga dtéaghadh,
20] na cuirp eile d'fhéaghadh uaim.
21] Re hucht an bháis---is breath cantar--22] an claochlódh truagh thig don ghné;
23] an corp ar chalbha na huaighe
24] olc an damhna uaille é.
25] Do-chím an béal dearg ar ndubhadh
26] 's an déad chailce 'n-a cnáimh ghorm,
27] mo thoil ní fhuigheam ón uabhar,
28] ní chuireann soin uamhan orm.
29] Na súile i n-aimsir an éaga
30] adhbhar biodhgtha mar bhías siad
31] ---gá beag dúnn ón rígh mar rabhadh--32] do-chím cúl ar aghadh iad.
33] A ghrádh féin is aimhleas mh'anma
34] ós éigean dúinn dul ós aird
35] fuair an cholann cuid na deise;
36] romhall do thuig mei-se a mhairg.
Mairg.

...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOIL CIMITERO DELLE PAROLE DOLCIEDMONDO E LA SUA CUCCIAPOLLICINO
  • Libri.it
  • Treccani