about logos
logos dictionary
bilingual dictionaries
children's dictionary
fashion dictionary
volunteers
logos conjugator
learning conjugator
logos library
logos poetry
children's library
logos quotes
logos toolbars
translation course
help
LOGOS POETRY - Word by word multilingual library
Title: MEITHEAL DO BHÍ AG DIA NA NDÚL
Author:
GIOLLA BRIGHDE Ó HEOGHUSA
Subject:
POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:
words statics
Number of words for page:
Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
Author: Giolla Brighde Ó hEoghusa
1] Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
2] ---cia ar nach breitheamh rí na ríogh?--3] coibhéis ga roinn ón rígh mhór
4] nír lór le droing díbh mar dhíol.
5] Dream fa phríomh don phobal fhionn
6] gus an ríogh gan chogar gcam,
7] lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann
8] dream san bhfíonghort fa theirt thall.
9] Toradh abaidh fhuair an rí
10] ón madain ga bhuain do bhaoi
11] ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé
12] tar an té fhuair i leith laoi.
13] Tig i gceann nóna dream díbh
14] ---nochan ónna earr mo sgeoil;
15] nocha sia a-nonn iná nóin
16] do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.
17] Coibhéis tug díbh dá gach dreim
18] dá rug gun rígh ar a phroinn;
19] meitheal Dé gomadh díbh inn
20] go mbé sinn gun rígh fa roinn.
21] Ar an chéaddrong ann tré éad
22] ón géaglom gach crann do-chiad:
23] "meitheal dar bh'aghaidh sinn súd
24] grúg linn ar samhail is siad."
25] "Créad an tnúth do bhí ar dhreim díbh
26] gé do-neinn" ar an rí "a réir;
27] cóir congbháil gach chuir go cóir
28] do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin."
29] Cia an chéaddrong fhormhála úd
30] nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?
31] dream do chinn crábhadh go hóg
32] nach sgirr fód go háradh iad.
33] Cia tháinig i leath an laoi
34] dá nach ráinig neach gan ní?
35] dream théid tar bloigh dá n-aois é
36] do thoigh Dé ón mbaois i mbí.
37] Cia tháinig i dtráth re sgur
38] dá ráinig mar chách a gcor
39] a itghe fhíre ghearr ghlan?
40] dream do sgar ...
Page: 1
Help
Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
Set the number of words for each page an refresh the content.
Go to begin of the document
Go to previous page
Go to next page
Go to the end of document
Libri.it