Title: ÉIREANNAIGH FÉIN FIONNLOCHLANNAIGH

Author:FEAR FLATHA Ó GNÍMH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Éireannaigh féin fionnLochlannaigh
Author: Fear Flatha Ó Gnímh

1] Éireannaigh féin fionnLochlannaigh
2] dá bhfréimh ó na finnghealChollaibh,
3] an fheadhain shaor shuilbhearchonnail
4] nar thaobh Eamhain innbhearthonnaigh.
5] Aicme ad-roigh re robhuanaimsir
6] tar moir ngoilthe ngoibhéilinnsigh,
7] lucht sealbha na seinÉireann-soin
8] ó Ghurt Eamhna oiléininnsigh.
9] Triallaid tar cuan gcormbogabaigh
10] sluagh dá bhfianaibh formaideagair
11] do ládh druim gér dhearmadobair
12] le clár Cuinn far chomhraigeadair.
13] Dronga go gcéill chomhairleimhir
14] do fhréimh Cholla chridhiorghalaigh
15] ó shoin um fhád n-oirearMhonaidh
16] a-tád thoir 'n-a dtighearnadhaibh.
17] Ré cian fa chuing fhéinnidheachta
18] ó fhiadh Fhloinn don leomhainealta
19] deighsheal raith an ríoghoireachta;
20] maith deireadh na deoraidheachta.
21] Tír dúthaigh chláir chríchfhionnMhonaidh
22] dháibh níor dhúthaigh mhátharbhunaidh;
23] fan tír fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh
24] díbh níor ghoirthe achd gnáthAllmhuraigh.
25] Fillid díobh táin tromthuinighthe
26] go Tír bhFáil na fearchoinshirthe
27] do léim tar fhál n-anfadhaithbhe
28] i gClár Néill is neamhchoimhighthe.
29] Gasraidh do dhruim dúthrachttogha
30] tar tuinn anfaidh áithneartmhara
31] fád Dá Thí ar tí a luathrochtana
32] 's a-tád ar tí a tháirtheachtana.
33] Banbha Chuinn badh críochcoganta
34] do dhruim fhaghla 's éachtaigeanta
35] sirthe ón bannbhras bárccuideachta
36] adhnas crithre a gcéadchaigealta.
37] Críoch réidh maicne mearRudhraidhe
38] fan aicme ós fhéin bhfionnAlmhaine
39] don eing cheathraigh cheallainglidhe
40] beanfaidh greim na giollanraidhe.
41] Mo chean báighfhir beoighleacacha,
42] fir go bhfáinnibh órshlatacha,
43] drong gan sháir gan shaoibhfhreiteacha
44] do sháidh sonn a sróllbhratacha.
45] Caor shlóigh don fhréimh ríoDhomhnallaigh
46] nach dóigh dréim re a ndírimdhreamaibh
47] do shín i-le i léibheannlongaibh
48] gus an dtír dte dtírimghleannaigh.
49] Ceann brughadh is breitheamhmaicne,
50] ceann na gcuradh gcaithinnilte,
51] ceann riaghla agus rochomairce,
52] fearr ón Iarla an aithimirce.
...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    BIANCO E NEROTILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMAPOLLICINON. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIA
  • Libri.it
  • Treccani