I mbrat an bhrollaigh ghil-se
I mbrat an bhrollaigh ghil-se
ní bhiadh an dealg droighin-se
dá mbeith, a Mhór bhéildearg bhinn,
an éindealg d'ór i nÉirinn.
San mbrat-sa níor chóir do chur
acht dealg d'fhionndruine uasal,
nó dealg iongantach d'ór cheard,
a Mhór bhionnfhoclach bhéildearg.
A fholt lag ar lí an ómra,
a chur id bhrat bhreacórdha
a stuaigh chobhsaidh nár chealg fear,*
nior chosmhail dealg don droighean.
Níor churtha a chnú mo chroidhe,
id bhrat eangach iolbhuidhe,
a ghruaidh dhearg do-ghéabhadh geall,
acht dealg do-ghéanadh Gaibhneann.**
A ghruadh chorcra do char mé,
gan dealg óir acht an uair-se
ar feadh na huaire, a ghlac ghlan,
do bhrat uaine do b'annamh.
...
|
|
|
|
|
|