Réalta [an] chruinne Caitir Fhíona
fhóireas Gréagaigh,
fóiridh forgla clann gach chóigidh
ann ar éagaibh.
Caitir Fhíona inghean [chasda]
craobh na buaidhe,
gnúis mar blath na habhla úire
abhra [uaine].*
Abhra uaine ag inghin Gréigríogh
nar ghabh guidhe
[a-táid] i ndath a gruadh gile
's snuadh na suibhe.
Snuadh na suibhe [is] samhradh gréine*
'n-a gruaidh chorcha,
iomdha glún as a fréimh feactha
'n-a céibh choptha.
Ar deilbh corrshúl Caitreach-fíona
nír cínn Gréigbean,
súil chorr nachar fhéagh ar óigfhear
béal donn déidgheal.
Gnúis mar abhaill, ucht mar eala
ógh nar truailleadh,
nír ghile clúimh ná a bas bháingheal
súil ghlas ghruaidhgheal.
Ní fhaghaim ógh ar a gruaidhse
gan a guidhe
go síntear brat ar mo bhuile
ó Mhac Muire.*
Brighid Éireann agus Alban
ógh na n-oiléan
is í an blath braoingheal na mbanóg
caoilthreabh [coiréal].
Athrachta fhóireas na Luighnigh
lór a déine
is í an bhanóg bhoinnfhionn Bhúille*
coinneall chéire.
Ciarán Caoimhfhionn, Colam Cille
caomh an fhoireann
Pádraig, Martain, Mongan, Manann
Coman, Coireall.
An Tríonóid, mórMhuire is Míchéal
macradh gréine
aoinmhíle déag banógh mBúille
glanógh gléire.
...
|
|
|
|
|
|