Title: A MHUREADHAIGH, MEIL DO SGÍN

Author:DEIBHIDHE
Subject:POETRY
Source:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A Mhureadhaigh, meil do sgín





"A Mhuireadhaigh, meil do sgín
go mbearram inn don airdRígh;
tabhram go milis ar móid
's ar dhá dtrilis don Tríonnóid.
"Bearrfa mise do Mhuire
(an bhreath-sa is breath orchraidhe);
do Mhuire bearr an barr-sa,
a dhuine seang súlmhall-sa.
"Annamh leat, a leaca ghlan,
sgian tar do bharr dod bhearradh;
fá mionca ríoghan bhinn bhog
ag cíoradh a cinn chugad.
"Gach re n-uair do fhoilcthí dhúinn
is d'Ó Bhriain an bhairr chladhúir,
is do fhoilcinn uair oile
re stuaigh bhfoiltfhinn Bhóraimhe.
"Do-ninn comhshnámh is ua Chais
ar linntibh fuara Forghais;
ar dteacht i dtír lais ón linn
do-nínn is ua Chais coimhling.
An dá sgín-se leath ar leath
do rad dúinn Donnchadh Cairbreach,
níor bh'fhearr dá sgín do sgeanaibh;
bearr go mín, a Mhuireadhaigh."
"Meil do chloidheamh, a Chathail
chosnas Banbha mbraon sgathaigh;
ní chuala gan fhachain t'fheirg,
a Chathail chuanna Chroibhdheirg.
Díon ar fhuacht 's ar ainteas inn,
a inghean uasal Iaichim;
déana ar gcoimhéad san tír the, a roighéag mhín, a Mhuire."







...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    BIANCO E NEROCHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?LA PESTE SCARLATTAPOLLICINO
  • Libri.it
  • Treccani