Mo-chean do theacht, a sgadáin
Mo-chean do theacht, a sgadáin,
druid liom, a dhaltáin uasail;
do chéad beatha 's do shláinte!
do thuillis fáilte uamsa.
Dar anam h'athar, a sgadáin,
gidh maith bradáin na Bóinne
is duit labras an duain-se,
ó's tú is uaisle 's is óige.
A fhir is comhghlan colann,
nách déanann comann bréige,
cara mar thú ní bhfuaras; *
ná bíom suarach fá chéile.
Dá bhféachdaois uaisle Banbha **
cia is mó tarbha don triúr-sa, ***
iasg is uaisle ná an sgadán,
idir bradán is liúsa.
Is é ar bhféachain gach cósta
go crích bhóchna na Gréige,
iasg is uaisle ná an sgadán
ní bhfuair Conán Chinn-tsléibhe.
A sgadáin shéimh shúgaigh,
a chinn chumhdaigh an Charghais,
a mhic ghrádhaigh mo charad,
leam is fada go dtángais!
Gidh mór do thuit a-nuraidh
dod ghaol bunaidh fán méis-se,
ná cuimhnigh fíoch ná fala,
ó's tú cara na cléire.
A sgadáin shailltigh shuilbhir
nach bíonn go duilbhir dúinte,
leamsa do theacht ní hanait,
súil ar charaid an tsúil-se.
I dtús an Charghais chéasta,*****
a fhir le ndéantar comhól,
ortsa, go teacht na Cásga,
is mór mo ghrása 's is romhór.
...
|
|
|
|
|
|