Title: ROGHA GACH BEATHADH BHEITH BOCHT

Author:TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Rogha gach beathadh bheith bocht
Author: Tadhg mac Dáire

1] Rogha gach beathadh bheith bocht
2] neach ag a thogha acht gidh tearc
3] ---uirre gan bhréig ní léir locht--4] san phort nach téid céim tar ceart.
5] Bheith gan toice ní díoth dhún
6] mar íoc im olcaibh mar chrádh
7] nó bheith bocht do réir mo ríogh
8] díol a locht ní léir dá lán.
9] A uan fionn do fhás ón óigh,
10] uad i ngioll red ghrás a-táim;
11] asad gan bhréig fa dú dóigh;
12] is tú an ghlóir nach téid i dtráigh.
13] Red thocht i dtionól an Luain
14] an chroch 's an choróin red thaoibh
15] tiocfa sé 'n-a shochar dhúinn
16] dúil don rothal, a Dé, dhaoibh.
17] Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol
18] ---uch! ní neamh a-tám do thúr;
19] ar dtréidhe mo-nuar is nár;
20] grádh dá chéile badh dual dún.
21] Go dtí so gan doilgheas daoibh
22] ---ós ort as oircheas a úidh--23] suas don deaghbhragh, a shiur shéimh,
24] an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin.
25] Gan luaghall éithigh ós aird,
26] gan uabhar, gan bhréithir bhuirb,
27] mar luagh i ndearnain an deilg
28] dual, a leinb, leanmhain do luirg.
29] A óigmheic arsaidh dar siair
30] mo chasbhraid go bhfóire féin
31] 's ná leig m'anam uaibh dá thaoibh
32] sgaoil uainn mo ralam go réidh.
33] A Choimdhe do-chí mo riocht,
34] dar gcoimhdhe do bhí go bocht,
35] go fóil ná cinn ar an gceart;
36] fóir led neart inn ó gach olc.
37] s í ceard chosmhail a clódh
38] sul thí th'fhearg chum dochair dhún
39] dá bhar dtol, a rí na ríogh,
40] go dtí dhíom a ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOLA PESTE SCARLATTADINO PARK vol. 2SOLVEIG. UNA VICHINGA NELLA TERRA DEGLI IROCHESI
  • Libri.it
  • Treccani