Title: A SHAOGHAIL ÓN A SHAOGHAIL

Author:FEAR FEASA ÓN CHÁINTE
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A shaoghail ón a shaoghail
Author: Fear Feasa Ó'n Cháinte

1] A shaoghail ón a shaoghail,
2] ó 'd-chím do dhoirse baoghail
3] ar ndéanamh cruidh is ciste
4] nár meallar mi-se a shaoghail.
5] A bhréagaigh ón a bhréagaigh
6] gidh sáimhe bheith dot fhéagain
7] is tu-sa an mhéirdreach mheangach
8] mairg do mealladh led bhréagaibh.
9] A mheangaigh ón a mheangaigh,
10] gidh lór feabhas do gheallaidh
11] ar Dhia nár dhearnar m'aimhleas
12] ar shaidhbhreas óir ná eallaigh.
13] A chealgaigh ón a chealgaigh,
14] gidh ait le cách do leanmhain
15] is tu-sa an sgáthán bréige;
16] do thréidhe is mairg do mheabhruigh.
17] A chleasaigh ón a chleasaigh,
18] gion go bhfuilingim t'easbhaidh
19] is lámh fa chraoibh nach cromann
20] bheith red chumann, a chleasaigh.
21] A bhrionnaigh ón a bhrionnaigh
22] do-ní cumann an tsionnaigh
23] uait-se gach olc do mhéaduigh,
24] a shaoghail bhréagaigh bhrionnaigh.
25] A mheabhlaigh ón a mheabhlaigh,
26] do thréidhe is mairg do mheabhruigh
27] go bráth mi-se nár meallair,
28] a shaoghail mheangaigh mheabhlaigh.
29] A lúbaigh ón a lúbaigh,
30] gidh tearc duit-se nar umhluigh
31] ó Dhia ghlórmhar níor gealladh
32] nach meallfar fear do chumhdhaigh.
33] A bhaoghlaigh ón a bhaoghlaigh,
34] do chor-sa is adhbhar aonaigh
35] ó taoi go cealgach umam
36] as do chumann, a shaoghail.
A shaoghail.

...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    AMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneLINETTE – COMPAGNO DI GIARDINOIL BRUTTO ANATROCOSON. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIA
  • Libri.it
  • Treccani