Title: A CHOLANN CHUGAT AN BÁS

Author:Ó DÁLAIGH FIONN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A cholann chugat an bás
Author: Ó Dálaigh Fionn

1] A cholann chugat an bás,
2] tuig féin go bhfuil ann uathbhás;
3] ní dáil chosmhail nach cás lat
4] an bás san orsain agat.
5] Creid nach fada uait an t-éag;
6] bí a cholann ar do choimhéad;
7] ná creid don tsaoghal achd seal;
8] a thaobhadh dheid ní dlighthear.
9] Ós éigin duit dul i bhfad
10] féach id dhiaidh is féach romhad
11] féach faoibh is féach ós do chionn
12] féach ar gach taoibh id thimchioll.
13] Féach an óige iar n-imtheacht uaibh,
14] a chroinn an duille dhiombuain,
15] mór n-amhghar id chionn do chuir;
16] dar liom ní hadhbhar uabhair.
17] Imtheacht do chos lúth do lámh
18] féach do chéadfadha ar gclaochládh;
19] cuimhnigh ar dhoille na ndearc
20] moille ar t'fhuighlibh 's ar t'éisdeacht.
21] Féach ar thoradh thig a-mach
22] asad, a cholann chiontach;
23] do chamra d'fhéachain ret ais
24] féachaidh an damhna díomais.
25] Féach na fiacla féach an rosg
26] ní glic nach gabhann teagosg;
27] ó tá a bhféaghain deid i ndán
28] creid do sgéalaibh an sgáthán.
29] Déana ó tharla mar taoi-se
30] sgáthán dot fhior aonaoise
31] dá bhfaictheá a chneas 's a chruth
32] ní feas an mairfeá a-márach.
33] Ós innte as éigean duit dul
34] féach an uaigh ar n-a hosgladh;
35] truagh an mhaise méad dod ghráin;
36] féag na taise ar n-a dtógbháil.
37] Féach a-rís is radharc tinn
38] pian an anma i n-uaimh Ifrinn;
39] móide as cás an t-anam ann,
40] bás ní fhaghann i nIofrann.
41] Féach na teadhma tá ar do chionn
42] ag díoghailt t-uilc i nIfrionn;
...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    AMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneN. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIAGLI INSETTI vol. 2BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINI
  • Libri.it
  • Treccani