Title: A THEACHTAIRE THIG ÓN RÓIMH

Author:GIOLLA BRIGHDE MAC CON MIDHE
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A theachtaire thig ón Róimh
Author: Giolla Brighde Mac Con Midhe

1] A theachtaire thig ón Róimh
2] le n-a síoltar gach seanmóir
3] déana mar a-deir an peann,
4] ní gheibh séala achd an sgríbheann.
5] Tabhair mar tugadh a-noir
6] crois ó chomharba Pheadair;
7] duille doirche gan drud ris
8] má do-ug toirche thairis.
9] Mar do ráidheadh ins an Róimh
10] leasuighthear---lór do sheanmóir; [corrigenda]
11] níor bh'éidir glór oile ann
12] do bud lór d'oire a fhulang.
13] Níor hiomráidheadh san Róimh ribh
14] díochur na gcliar, a chléirigh;
15] fríoth ó neamhRóimh éigin uaibh
16] seanmóir éididh re héanuair.
17] Caidhe an sgríbheann 'n-ar sgríobhadh
18] an ealadha d'aithríoghadh?
19] déana mar do fhógair inn,
20] tógaibh séala do sgríbhinn.
21] Focal nach fríoth i leabhraibh
22] gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
23] is léigheann gránna Gallda
24] dámha Éireann d'ionnarba.
25] "Donum Dei" an dán binn
26] i gceartlár cuirp an léighinn;
27] gaibh é is casgair a chéill;
28] "asgaid Dé" sain go soiléir.
29] Gan a luach ar na laoidhibh
30] má a-dearar le deaghdhaoinibh
31] do ráidh gan aoradh gach fhir
32] do shaoradh cháigh, a chléirigh.
33] Más do mhian méaduighthe an lóin
34] beantar d'éigsibh a n-anóir
35] nach lór, a chléirigh, re chais
36] lón gach éinfhir 'n-a éagmhais?
37] Ciodh um nar dhíochuir an dán
38] ar dtoigheacht a tír Romhán
39] Pádraig an iris do b'fhearr
40] a hinis fhádbhuig Éireann?
41] Créad thug ar Colum Cille
42] nach fionnfadh achd fírinne
43] gach Dar-daoin ag dul ar neamh,
44] crodh ar laoidh mar do léigeadh.
45] Do hionnarbadh eacht oile
46] cliara Fódla féaraighe;
47] a gcomhall ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI UCCELLI vol. 2TILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMAESSERE MADREMIRA
  • Libri.it
  • Treccani