Title: A CHROCH DÉ DÉANA MO LEIGHEAS

Author:TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A chroch Dé déana mo leigheas
Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha

1] A chroch Dé déana mo leigheas,
2] lus na sláinte siridh dhamh;
3] do mhaothbharr fa caomh a chéaddath,
4] a naomhchrann saor géagach glan.
5] Congain liom ag leigheas m'anma;
6] madh áil leat fóir mo chorp;
7] ar ndul i gclí san teagh triallaim;
8] neamh re ngach ní iarraim ort.
9] Dom throsgadh thánag-sa chugad,
10] a chroch Íosa fhóireas mé;
11] dod rodhalta ní dú a dhímheas,
12] tú banaltra dhíleas Dé.
13] Tú d'altrom éinmhic ar seathar
14] sluagh an bheatha bheanfas locht;
15] fir 's mná na cruinne fad chíos-sa
16] a-tá bruinne Íosa it ucht.
17] Duit as mharcach mac na hóighe,
18] a eo corcrach na gcaor ndearg,
19] bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh;
20] tráth sguir ba fortail bhar bhfearg.
21] A abhall na n-ubhall gcumhra,
22] a chrann tortaidh na dtrí mbláth,
23] do fóireadh leat lán na talmhan,
24] a chlár breac ler cabhradh cách.
25] Créad an chúis fa gcantar abhall
26] ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh?
27] congain liom go leanar th'fhoras,
28] a mhionn leabhar solas saor.
29] A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais,
30] peacadh talmhan tú do shás;
31] ba geall a chlann ris an gcánaidh
32] crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás.
33] Is é an crann-soin, a chroch Íosa,
34] t'adhbhar-sa---más fhíor don sdair;
35] fa dearg an crann do chrú a ochta,
36] is tú an call corcra fa chnaibh.
37] Abhall oile ón ubhall Éabha
38] do orduigh Críosd, a chroch naomh;
39] anmanna cáich uile th'ubhla,
40] a mhuine bhláith chumhra chaomh.
41] Is ionnat do dhoirt an Dúileamh
42] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀTILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOIL RIPOSINOGLI INSETTI vol. 2
  • Libri.it
  • Treccani