Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid
Author: Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird
1] Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid;
2] treoruigh mo leas damh-sa, a Dhé;
3] cleachtaim ámhuill ar iul ndíomhaoin
4] sdiur go rághuing míodhaoir mé.
5] Duit as léir mo leas is m'aimhleas,
6] eadráin m'iomruill uaim ar th'iocht,
7] oibrigh im beartaibh, bí im chridhe,
8] neartuigh, a rí nimhe, im niort.
9] Tu-sa do bhris bás an airdríogh
10] san inmhe chéadna is tú tá;
11] fionnam sgiath do chumhacht gceannsa
12] cliath rem urocht leam-sa an lá.
Lámh.
...
|
|
|
|
|
|