Title: SLÁN FAT FHOLCADH

Author:TADHG ÓG Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Slán fat fholcadh
Author: Tadhg Mór Ó hUiginn

1] Slán fat fholcadh
2] a Fhionnghuala réidh roicheolchar;
3] th'fholt idir é
4] ní fhidir mé nach moitheochthar.
5] Slán fat fholcadh
6] 's fa fhighe th'fhuilt fhiarchlaidhigh
7] sé is th'óige ort
8] is móide ar an fholt mh'fhiafraighidh.
9] Slán fa dhíorghadh
10] do dhíshleachta shlim shlaitleabhair,
11] a mhall mhilis,
12] a bharr 'n-a thrilis taitneamhail.
13] Slán fa chíoradh
14] do chúil as caomh re a shíorfhaicsin;
15] gurab soraidh
16] gurab cobhuidh don chíoraidh-sin.
17] Ar gcíoradh th'fhuilt
18] usuide dhamh a dheaghmholadh
19] gach clann chleachtach
20] id bharr leabthach ag leabhroghadh.
21] Gach uair fhoilce
22] th'earla bhíos ag breith ailtbhisigh
23] mar ghrein ngairthe
24] do néimh a haithle an fhailcei-sin.
25] Cros Críosd thorad
26] tearc th'aithghin ar bioth barrbhuidhe;
27] ná rabh tres an bhfolt bhfionnbhuidhe
28] ort amhghoire.
29] Aigmhéil dá bharr
30] béim súl ar chách re a chladhfhaicsin;
31] tú as caoimhe i gcurp
32] naoidhe fan fhult an aghaidh-sin.
33] An aghaidh óg
34] fan fholt bhíos 'n-a bharr dhronglánach
35] bíd is beid dí go deaghshnuadhach
36] 's sí soghrádhach.
37] Soghrádhach thú
38] ós do thír lisleabhair longclannaigh;
39] a chnú ar gcraoibhe
40] 's tú bhus caoimhe do-chonncamair.
41] Gér chaomh ar dtús
42] thú re figheadh th'fhuilt fhionnbhuadha
43] tug luach eich ort
44] do bheith fa fholt, a Fhionnghuala.
45] Áluinn fan fholt
46] th'aghaidh chorcra mar chéadshaimhghréin
47] th'fholt mar fhalaigh
48] ag tocht tar th'aghaidh n-éadainréidh.
49] Réidh an t-éadan
50] ar aghaidh th'fhuilt troim thaithneamhaigh
51] na gcleathrámh gcraobh
52] ós an ngealchlár gcaomh gcailceamhail.
53] Mailghe caola
54] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    POLLICINON. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIAIL VIAGGIO DELLA MADREPERLA 3 – L’OMBRA DELLE PIETREIL BRUTTO ANATROCOSO
  • Libri.it
  • Treccani