Title: NÍ DHLIGHIM AITHFEAR AR FHEIRG

Author:EOCHAIDH Ó HEOGHUSA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Ní dhlighim aithfear ar fheirg
Author: Eochaidh Ó hEoghusa

1] Ní dhlighim aithfear ar fheirg;
2] toil liom ar las dá díbheirg;
3] níor chuir sí i n-aithmhéile inn
4] ní asan aithréidhe mh'intinn.
5] Do-rinneas---do-rinneadh rinn--6] fearg nach aithreach rem intinn;
7] ní caigealta a chor i mbríogh,
8] gomh ar n-aigeanta ar n-eissíodh.
9] Ní cúis nach beartha a bhuidhe
10] m'fhíoch-sa is fíoch fir ionmhuine;
11] a ndéabhradh leam agus leis
12] is téarnamh i gceann cairdeis.
13] Maith séan dar síoladh an fhearg
14] eadrom is mac mhic Risdeard;
15] tonn éagbháthaidh í ar ar ndoirr
16] is í ar gcéadmháthair chumoinn.
17] D'Uilliog a Búrc níor bheag liom
18] bheith dó mar chách go coitchionn
19] gur chomhlas mar chrithir dte
20] domlas fichidh ar bhfeirge.
21] Do-bheirim mo bheannacht dí;
22] táinig do thaoibh na goimhe
23] dul i n-ainm rónadhmuidh ruinn
24] do bhaidhbh órarmaigh Umhaill.
25] Dá taoibh fhuaramair fhear gráidh;
26] dí thárrthus togha compáin;
27] gríos fheirge as uaibhrighe bruth
28] feirrde luaimnighe a lasrach.
29] Créad acht taithbheodhadh toile
30] fearg an aosa ionmhuine?
31] ní ceisd codal ar chneidh sláin
32] mar sein do chogadh compáin.
33] Mo chean fhuair an fhear grádha
34] dá ndearnas dóigh teagmhála;
35] do thuig mé nar dheacar dhamh
36] feacadh an té re dtarladh.
37] Gé a-déarthaoi gomadh dóigh mé
38] níor nár leis a los mh'éigse
39] bheith tréith oirmheathta rem ucht
40] do sgéith choinghleaca Chonnocht.
41] Mi-se foirniata fraochdha,
42] ei-sean go meirbh míolaochdha;
43] rinn ar mbeodhachta gidh beag
44] Leomhanta inn ar Uilleag.
45] Fillim ar mh'ais, anaim thall
46] ón ruaig nach rachadh romham,
47] gidh doifhreasdail ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    SCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILEIL RE CHE VALEVA 4,50€ GLI UCCELLI vol. 2LA REGINA DELLE NIAGARA FALLS
  • Libri.it
  • Treccani