Title: CIA LE GCOISEONTAR M'ANAM?

Author:Ó DÁLAIGH FIONN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Cia le gcoiseontar m'anam?
Author: Ó Dálaigh Fionn

1] Cia le gcoiseontar m'anam?
2] cia éisdfeas rem uraghall?
3] díon m'anman gá cruaidhe ceisd?
4] mo thruaighe an t-adhbhar aitheisg.
5] Eagal damh nach diongna achd cóir
6] breitheamh ceart Sléibhe Si-óin
7] lá na coinne an tráth thiocfa
8] cách 'n-a choinne ar chuideachta.
9] Ar an sliabh i gcoinne cáich
10] tiocfa breitheamh laoi an luanbhráith;
11] breath do-bhéara dhóibh ón dligheadh
12] mo sgéala as cóir creidfidhear.
13] Ann do-chífear an chros donn
14] lá a taobhaidh a-tá romham
15] ar an luigh cealg ar gcionadh
16] is fuil dhearg an Dúiliomhan.
17] Fóir dia Luain lá na deaghla
18] d'eagla fheirge an tighearna
19] ar nguais-ne, a mhaoir na meidhe,
20] do thaoibh t'uaisle is t'impeidhe.
21] Go hÍosa an lá do bhí i mbraid
22] ón Athair is tú thánaig;
23] an lá do shil crú a chroidhe
24] a nimh fa tú an teachtaire.
25] Neamh d'fhagháil fa ní do-ním
26] ó nach fiu mi-se, a Mhíchíl,
27] cóir fleadh d'fhagháil it ainm-se
28] neamh it anáir iarraim-se.
29] M'anam thuas dá chur i gcion
30] i nglóir airdríogh na n-aingeal,
31] faghar thú mar dhuais dána
32] ó tú i nguais mo ghabhála.
33] Déin ar síodh a Aingil fhinn
34] re mac inghine Iaichim;
35] mo chean tharla i dtréan t'itche
36] re béal m'anma ar imirce.
37] Iarrfaidh éiric ann for-íor
38] oram do mheas mo mhíghníomh
39] labhradh san Luan ar a pháis,
40] mo-nuar, is adhbhar uathbháis.
41] Biaidh lá na breithe buaine
42] mór an t-adhbhar anbhuaine
43] a chion ar comhair ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀN. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIADINO PARK vol. 2EDMONDO E LA SUA CUCCIA
  • Libri.it
  • Treccani