Title: A BHRÁIGHE TÁ I DTOR LONDON

Author:EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A bhráighe tá i dtor London
Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird

1] A bhráighe tá i dtor London,
2] a ua Chonaill chaomhGhulbon,
3] do gheimhil-se is lór do léan
4] ar shlógh seinInse Saimhéar.
5] I ndiaidh ar gcarad do chaill
6] a-nois, a Néill Domhnaill,
7] is é an bann dar mbreith ar gcúl;
8] níor am dod bheith i mbríosún.
9] Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn,
10] don chur-sa i láimh i Lonnuinn;
11] sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
12] do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal.
13] An feadh nach fuil ar do thol
14] iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon
15] i ndaoirsine 'ma-raon ruibh
16] gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh.
17] A-táid eidir thuaith is chill,
18] eidir fhuil aird is ísill,
19] ag roinn bhar rodhochair ruibh
20] boill comhothair dod chneadhaibh.
21] Na mná, na boicht, na brughaidh,
22] na huird is na hollumhain,
23] gach mac robhras, gach rinn áigh,
24] id chomhghlas, a chinn Cruacháin.
25] Ionann ualach, ionann cneadh,
26] ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean,
27] ionann innreamh, ionann ceas,
28] ionann imneadh is áineas.
29] Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
30] ---lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh,
31] cách uile i láimh as do los--32] ní le duine a-bháin bheanas.
33] Dóchas laochradh Leithe Cuinn
34] gaisgeadh curadh chlann gConuill,
35] a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas
36] a n-ainm, a gcéim, a gceannas.
37] An glas re fada i bhfuil sibh
38] ní glas é ar Rígh an ríchidh
39] do bhreith as dámadh é a dheoin
40] dá gach ghlas ós sé as seighleoir.
41] Ós sé seighleoir gach geimhle
42] Rí nimhe ar gceann coimeirghe
43] do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh,
...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀSCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILEESSERE MADRECHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?
  • Libri.it
  • Treccani