Title: LEANNÁIN FILEADH SÍOL SUIBHNE

Author:EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Leannáin fileadh síol Suibhne
Author: Eoghan Mac an Bhaird

1] Leannáin fileadh síol Suibhne
2] treoin nach tráigh le cianchuimhne
3] caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,
4] róimh an oinigh d'oileamhain.
5] Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,
6] sliocht an Athlamháin áluinn,
7] an táin ó Thulaigh na n-Art,
8] curaidh gan ghráin re nguasocht.
9] Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh
10] 's iad don éigse as fhóiridhin
11] ioldánaigh gan oil 'n-a gceann
12] le goimh iombádhaidh Éireann.
13] Is riú bheanas a bhríogh sin
14] "gnáth rath re cois an chaithimh";
15] tréad Suibhneach na saoirfhear mbras
16] fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas.
17] Laoich as cisde do chliaraibh,
18] leomhain síl Néill Naoighiallaigh,
19] slata cumhraidhe Crú Airt,
20] as urlaimhe clú ó ar gcosaint.
21] Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha
22] téid tar cách a gcomhardha,
23] fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,
24] síol ó ngeintear an gaisgeadh.
25] Eangnamh is oineeach Gaoidheal,
26] tréidhe as cóir do chommaoidheamh,
27] slata nach claon re comhaidh
28] aca ar-aon ar arodhain.
29] Mairidh aca go nua a-niodh
30] flaith leanas lorg na sinnsear
31] ar chuing réidhe a nduas do dhíol
32] ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh.
33] Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha
34] d'éifeacht is d'ainm onórdha
35] is oidhre don chuaine ór chin
36] ar choimhdhe uaille an oinigh.
37] Méin oinigh aicme Suibhne
38] fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;
39] is sgath uaisleachta Chláir Chuinn
40] fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing.
41] Arsaidh cródha an chroidhe bhí
42] dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,
43] aoibhealltuir dar ghiall an gal,
44] saoileachtain cliar is curadh.
45] Airrdheanna flatha fíre
46] 's fós rath a fhréimhdhíne
47] aobhghlac dá n-aghthar gach ní
48] i saormhac rathmhar ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL VIAGGIO DELLA MADREPERLA 3 – L’OMBRA DELLE PIETREIL BRUTTO ANATROCOSOMIRALA SIRENETTA
  • Libri.it
  • Treccani