Title: A CHNUIC THOIR RE TAOIBH EALLA

Author:GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A chnuic thoir re taoibh Ealla
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] A chnuic thoir re taoibh Ealla
2] fa dtáid aicme Oilealla,
3] giodh 'mud bhruach do hoileadh inn,
4] fuath dot oirear im inntinn.
5] Is tú cnoc na ndéar dhúin-ne,
6] a thulach ard fhéarnúidhe;
7] is mó théid ar dhéaraibh dhamh
8] t'fhéaghain iná ar mhéid meanman.
9] Ní guth oram dimbríogh dhuit,
10] a Chláraigh Ealla orrdhruic;
11] a-taoi ar n-am chrádh, a chnuic thoir,
12] do bhaoi i ndán duit a dhéanaimh.
13] A Cláraigh, is tú an tulach
14] mar thuit an Fionn Forbharach;
15] mo ghrádh nó gur thuit red thaoibh,
16] a chnuic a-tám do thathaoir.
17] Mac Diarmuda---dia do chor--18] do tairngireadh go dtiocfadh
19] dá lot ar bhrú do bhearna;
20] is tú cnoc na cinneamhna.
21] An lá tugadh thort a ndeas
22] an chreach ler ceileadh m'áineas
23] fríoth basgadh id chuim, a chnuic,
24] is trasgradh do chloinn Chormuic.
25] Don turbhaidh thug ar an dtóir
26] i n-ucht Cláraigh i gcéadóir
27] marbhthair 'gun ghéig gach nar ghabh
28] gabhthair an mhéid nar marbhadh.
29] Díobhraigis duine don tóir
30] mac ríogh Mis---mairg dar chusbóir--31] gur bháidh inn tar a déis dairt
32] d'éis an áir thinn do thabhairt.
33] Éanghoin duaibhseach na dairte
34] ní feas fear a díobhraicthe;
35] torchair lé flaithbhile Fáil
36] achd ré n-aithrighe d'fhagháil.
37] Aithghin an té thorchair ann
38] achd an flaith Fathadh Canann
39] níor thuit tiomchall do ghleanna,
40] a chnuic fhionnchlann Oilealla.
41] Ar ngabháil ghiall an domhain
42] dó go hÉirinn n-éarlamhaigh
43] 'mud chaomhachadh, a chnuic thall,
44] do thuit caomhFhathadh Canann.
45] Do thuitsead re taoibh ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    POLLICINOIL RIPOSINOLINETTE – COMPAGNO DI GIARDINOGLI UCCELLI vol. 2
  • Libri.it
  • Treccani