Title: TEACH CARAD DO-CHIU FOLAMH

Author:GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Teach carad do-chiu folamh
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] Teach carad do-chiu folamh,
2] teach as ionnsa d'fholmhoghadh;
3] a bheith mar tá is caoi croidhe,
4] do bhaoi lá badh líonmhaire.
5] Maith fear ler tógbhadh an teach,
6] maith teach a-tá go huaigneach,
7] maith bruidhean do bhí sonna
8] gur cuireadh í i n-athchuma.
9] Conchobhar Ó Briain Bhearbha
10] don toigh-se fa tighearna;
11] rian an toighe mar a-tá
12] mo chroidhe im chliabh do chlaochlá.
13] Gé tá 'n-a hadhbhaidh fholaimh
14] bruidhean chúplach Conchobhair,
15] do bhí ag loighe ar a lár sain
16] a lán roimhe do ríoghraidh.
17] Meinic do bhí meadhair mhór
18] san toigh-sin a-tá ar anshógh
19] taraidh mé gion gur sean sinn
20] gan teagh amhail é i n-Éirinn.
21] Ins an leath úd thall don tigh
22] do bhídis laochradh Luimnigh,
23] gach file dá dhíol 'gun droing,
24] fíon dá ibhe go hursoinn.
25] San ursainn-se ar m'aghaidh thoir
26] do bhíodh rí Rátha Chobhthaigh;
27] sé i gcriaidh dom chur i n-ísle
28] gar d'Ú Bhriain do bhímis-ne.
29] A lán san leath-so a-bhus
30] d'ollamhnaibh 'ma ucht sholas;
31] fairbríogh a bhfaghbhadh an dream
32] ó adhbhar airdríogh Éireann.
33] A fhilidh, a aos dána,
34] a bhreithimh, a bhandála,
35] go reich an orsuinn oile
36] im chleith mboschuirr mBóroimhe.
37] An lá-sain gér lán an teagh,
38] a-tá sé mar nar saoileadh
39] teagh Muighe Fearta folamh
40] leabtha an toighe ar dtrochloghadh.
41] Gan mhná i bhfochair na bhfuinneog,
42] gan imirt san orsainn-eod,
43] gan ól, gan adhnadh soillse,
44] mór an t-adhbhar athtuirse.
45] Fachain ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!COSÌ È LA MORTE?EDMONDO E LA SUA CUCCIABELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINI
  • Libri.it
  • Treccani