Title: TEASDA EASGCARA AN FHIADHAIGH

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Teasda easgcara an fhiadhaigh
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Teasda easgcara an fhiadhaigh;
2] tug ar chroidhibh ceoidhiamhair;
3] easgcara ní fhuil ag oigh
4] i Muigh chneastana Criomhthoin.
5] Easgcara fhiadhaigh Éireann
6] Ábhartach na n-airdchéimeann;
7] níor ghein cú a sáruighthe sain
8] i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain.
9] Fáth tuirrse aca ní fhuil
10] subhach feasda na faolchoin
11] i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh
12] do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh.
13] Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios;
14] ag mucaibh allta i n-uaigneas
15] ní ba hiomdha feasda fail
16] ó theasda a mbiodhbha bunaidh.
17] Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn
18] leabtha suain fhiadhaigh Éireann;
19] daimh Chláir Chodhail tres an gcoin
20] dáibh ní homhain acht urchoir.
21] Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí;
22] uasal an t-altrom fhuair-se;
23] ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh
24] feithmheach fhuair a hoileamhain.
25] Díol a caointe í as a n-ucht
26] ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht
27] ---dá ní do dhúisigh mo dhéar--28] do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan.
29] Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú
30] dalta ortha acht an t-éanchú;
31] clann Cholla fa dine dhó;
32] righe orra ag a n-iarghnó.
33] Dalta oile acht coiléan con
34] nó leanbh budh oidhre d'ollamh
35] brón do shíor orra re headh
36] ar shíol gColla ní chuirfeadh.
37] Cú dearg Osgair nar ob cath,
38] nó Sgeolang, nó Bran buadhach,
39] nó Adhnuall do b'aithghin dí
40] ag flaithghin armshluagh nÉirne.
41] Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn
42] san Mhumhain na múr n-aoibhinn
43] do bhí cú ren samhail sain
44] do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh.
45] Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line
46] iomad a héacht n-...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    COSÌ È LA MORTE?AMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneTUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!CIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITA
  • Libri.it
  • Treccani