Title: MÓR AN LUCHT ARTHRAIGH ÉIRE

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Mór an lucht arthraigh Éire
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Mór an lucht arthraigh Éire;
2] siar tar sleasaibh seinBhéirre
3] do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
4] uainn i n-urlár éinbháirce.
5] Do ghad a hanam aisde
6] Éire na gcuan gciomhaiste
7] dá éan uachtair chuaine Chuinn
8] do ruachtain uain-ne i n-aonluing.
9] Dá eite lúith Leithe Chuinn
10] rugadar san bháirc bheannchuirr,
11] críoch na Niall d'éanlucht uile,
12] siar ó fhéarGhurt Úghoine.
13] Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol,
14] Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
15] glóir Banbha i mbáirc na deise;
16] tráicht fhalmha dá inneise.
17] Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
18] do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
19] cuire san luing-sin tar linn
20] do thuirrsigh uile Éirinn.
21] Rugsad Éirinn is iad sain,
22] rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
23] an dá iarla d'fhuil na bhFionn
24] tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.
25] Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
26] ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
27] is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
28] ar-aon san luing luchtmhair-sin.
29] A bhfuil san luing-sin do lucht
30] ní dhearna---dia do chumhucht--31] ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
32] creach mar í ní hionnshamhail.
33] A leithéid d'éinchreich oile
34] níor ghluais Conn ná Conaire
35] Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh
36] le Mág Uidhir don Easbáin.
37] Caithréimeach an chreach-sa siar
38] le codhnach catha Oirghiall;
39] rug dá choróin Chláir na bhFionn
40] don Sbáin is onóir Éirionn.
41] Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
42] ní dhearna Tuath Dhé Danann
43] fa chreachBhanbha na gcall sean
44] ná clann mhearchalma Mhíleadh.
45] An chreach rothrom rug tar muir
46] ní thiocfadh aon ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    LA SIRENETTACIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITAGLI INSETTI vol. 2EDMONDO E LA SUA CUCCIA
  • Libri.it
  • Treccani