Title: MAIRG NACH DOIRTEANN A DHÉARA

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Mairg nach doirteann a dhéara
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Mairg nach doirteann a dhéara
2] cioth déar do dhruim aithmhéala
3] do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
4] do ba diongna é d'aimhríar.
5] Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
6] san tigh thuas gur thuill onóir
7] fuair a thoil ó thriath nimhe;
8] ag soin fiach a aithrighe.
9] Treall dá aimsir---anba an choir--10] do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
11] ---ní hiúl é ag nach aghair fréamh--12] i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.
13] Beantar dhé lá do na láibh
14] an éaraic uile anbháil
15] a amharc mar badh dual dó;
16] a radharc uadh do éaló.
17] Pól easbal ag iarraidh grás
18] fearais cioth déar tre dhólás;
19] do-ní d'aithrighe ann soin
20] maithmhighe thall gur thobhoigh.
21] A shíothcháin a dhéar budh dhéin,
22] tugadh a amharc ainn-séin
23] is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
24] a rúinnimh uadh do iompó.
25] Peadar an t-easbal eile
26] fríoth leis luach a aithrighe;
27] a thriath fa thrí an tann do shéan
28] do-chí gur bh'am don Fhíréan.
29] Séana a thíghearna fa thrí
30] le caoi do chuir ar neimhní;
31] osna dhomhuin is dáil déar
32] do bháidh fholaidh an Fhíréan.
33] Fuair fós Muire Magh-da-léan
34] luach a haithrighe on Fhíréan;
35] do thuill choróin san tigh thall;
36] do bhir onóir dá hanam.
37] Le huisge a nuaidhéar do nigh
38] Muire lá do na laithibh
39] troigheach naomhdha ríogh na ríogh
40] do bhíodh aobhdha re a heissíodh.
41] Na seacht ndeamhain---díochra an tsearc--42] do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
43] do radadh luagh a deor dhí
44] ar n-...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    CIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITAIL CAVALIER IDEALETILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMADINO PARK vol. 2
  • Libri.it
  • Treccani