Title: FUIRIGH GO FÓILL, A ÉIRE

Author:GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Fuirigh go fóill, a Éire
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] Fuirigh go fóill, a Éire,
2] gearr go bhfuighe fírchéile;
3] do chéile ní fear foirbhthe,
4] a Éire, a threabh théagairthe.
5] A fhionnráith Teamhra Dá Thí,
6] aithnim an fear dá bhfuiltí;
7] triath d'óigleanabh do b'áil libh,
8] a chláir fhóidleabhair Uisnigh.
9] Fada nach fuarais, a bhean,
10] aoinfhear d'aicme na naoidhean;
11] fad do chairde is dubhach dhuit,
12] a Thulach Chairbre is Chormuic.
13] A-tá fear i n-aois leinibh
14] ---gearr go bhfuighe fóiridhin--15] i ráith na ngéigbheangán ngeal
16] a chéidleannán mac Míleadh.
17] Tánaig an té taoi d'iarraidh,
18] a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,
19] dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;
20] aontamha go fóill fuiling.
21] Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,
22] gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;
23] feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,
24] go bhfaghbha th'fhear ionnuachair.
25] D'éis dealuighthe go réidh ruibh
26] d'fhuil Chuinn is d'fhíorfhuil Eoghain,
27] a bhean naoidhe an Chláir choimhthe
28] an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?
29] Meinic riamh seinbhean mar sin,
30] a leannáin Airt Éinfhir,
31] do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,
32] a threabh dhiamhair na ndeargród.
33] Líthear ort-sa re hathaidh,
34] a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,
35] caor do mhianaigh Mogha Néid;
36] sona an liamhain dod leithéid.
37] Duit do thairngir an fáidh Fionn
38] feacht riot i ráithe aoibhioll
39] do dhearbh go mbiadh 'gun bhanfháidh
40] leanbh a-niar dá nuaghabháil.
41] Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;
42] leanbh óg don chloinn Charthaigh-se
43] do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh
44] do tharngair an fáidh Fítheal.
45] Dá labhradh éinfhear eile
46] leat go teacht don tairngeire,
47] a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,
48] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    SOLVEIG. UNA VICHINGA NELLA TERRA DEGLI IROCHESIIL BRUTTO ANATROCOSOPOLLICINOTILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMA
  • Libri.it
  • Treccani