Title: A GHEARÓID, DÉANA MO DHÁIL

Author:GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A Ghearóid, déana mo dháil
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] A Ghearóid, déana mo dháil;
2] dá ndearna déana i gcéadáir;
3] tug, a óigleanaibh, th'úidh ruinn,
4] a úir dhóidleabhair dhearccuirr.
5] Dídin mé, a mheic an Iarla,
6] ar fheirg flatha finnLiamhna
7] gidh bé fachain feirge fuair
8] t'athair a mheirge an mhórshluaigh.
9] Is ort iarraim gidh óg thú
10] síodh na bhfréamh asad fionnchrú;
11] ód thromaicme a-tú fa choill;
12] dar gcomairce is tú as tualaing.
13] Mairg file re bhfuil a móid
14] aicme Ghearailt, a Ghearóid;
15] is fachain dá gcar um cheann
16] dá rabh th'athair dom imdeall.
17] Níor chleacht sinn siobhal oidhche
18] ná imirt arm bhfaobhairthe;
19] ní poinnidhe ar ngníomh le ga;
20] coillidhe dhíom níor dhéanta.
21] Fóir mo ghuasacht, a Ghearóid,
22] tair romhuinn don ríphealóid;
23] ar th'eineach dhamh diall oirn-ne
24] gabh, a chiall, mo chomairghe.
25] Inneosad uirsgéal cumtha
26] dhuit im dháil mo chobhurtha;
27] a-déar mar dhleaghar a rádh
28] sgéal ar leanabh do leanbhán.
29] Táinig lá ar Leic na dToradh
30] Fionntan is é ar n-arsoghadh
31] dá bhfuair naoidhin n-óig th'aithghin
32] 'n-a aoighigh fhóid anaithnidh.
33] Iongnadh leis a leithéid sin
34] re taobh na haille d'fhaicsin;
35] rug an naoidhin n-óig ón aill,
36] tug póig don aoighidh áluinn.
37] Mar thug an príomhóglách póig
38] don naoidhin áluinn fhíoróig
39] téid dealbh a aighthe i n-óige
40] ón leanbh d'aithle éanphóige.
41] Beiris leis an leanbh síthe
42] gus an mnaoi nglic nglóirbhíthe;
43] ní thug dá mhnaoi a fhios re headh
44] 's do bhaoi 'n-a chrios an céidsheal.
45] Fionntan ar bhfios a fréimhe
46] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    N. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIATUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!LA SIRENETTAIL CAVALIER IDEALE
  • Libri.it
  • Treccani