Title: DO TÓGBHADH MEIRGE MURCHAIDH

Author:GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Do tógbhadh meirge Murchaidh
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

1] Do tógbhadh meirge Murchaidh;
2] is tráth aighthe ar Allmhurchaibh;
3] díorma i ndeaghaidh na meirge
4] d'fhearaibh díoghla díbheirge.
5] Do tógbhadh leo ar leirg fhódbháin;
6] budh séan creach dá céadtógbháil
7] ós laoch braoinleirge an bhragha
8] saoirmheirge mhaoth Mhurchadha.
9] Budh séan greama do ghabháil
10] do Mhurchadh Ú Mhadadháin
11] meirge thláith as neamhthláith neart
12] ón ráith eachbhláith ag imtheacht.
13] Suairg an ríoghcoinneall roimhe
14] d'ionnsoighidh na hiorghoile,
15] sróll fann re caoilfhiodhbhaidh gcruinn
16] crann mór d'aoinfhiodhraidh áluinn.
17] Is áluinn an earr mheirge
18] do-chiu i gceann na mínleirge;
19] éanamhail a heiteall sin
20] breicearr shéanamhail shuaithnidh.
21] Cia an monghar mór-sa san mhagh?
22] cia an sluagh-sa ag mílidh Mumhan?
23] nó an doire corr slatach sleagh?
24] nó an bhratach dhonn ar deireadh?
25] Bratach mheic éachtaigh Eoghain
26] minic bhíos 'n-a baindeoraidh;
27] iadhaid Anmchadhaigh impe
28] na harmchuraidh innilte.
29] Ar dtiomsughadh a thionóil
30] im sheabhac shíl Éireamhóin
31] earr thana mhíonshróill san mhagh
32] budh mana díoghbhóidh Danar.
33] Leanaid cách é i n-ionad the,
34] leanfaidh Murchadh an meirge
35] nuaibhile Eilge 'má fhóir,
36] guaillidhe meirge maothshroill.
37] An gcéin mhaireas an mheirge
38] ós laoch fholtchas fhinnleirge
39] méaraidh gaisgeadh na nGaoidheal;
40] ní claisdear a gcommaoidheamh.
41] Tug Brian i gcath Chluana Tarbh
42] teisd mar sin ag sníomh oram
43] ar fhear chomhanma chinn Doir
44] rodhamhna gill dá ghníomhraidh.
45] Dál gCais fa Mhurchadh mhac Bhriain
46] rángadar gus an roighliaidh;
47] Éire ar láimh Bhriain ó do bhí
48] san ghliaidh níor bh'áil an t- airdrí.
49] Tig láimh le laochraidh Sionna
50] rí Éireann is aoinghiolla
51] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI UCCELLI vol. 2COSÌ È LA MORTE?IL RIPOSINODINO PARK vol. 2
  • Libri.it
  • Treccani