Title: FOILLSIGH DO MHÍORBHUILE, A MHUIRE

Author:TADHG ÓG Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire
Author: Tadhg Óg Ó hUiginn

1] Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire,
2] maoidheamh asad is é ar lón;
3] bíodh mo chás-sa ort 'n-a oire
4] nocht do ghrása, a Mhoire mhór.
5] Tuig féin go bhfuilim i n-éigin,
6] is oircheas duid déachain faoi;
7] éisd rem fhuigheall gidh olc mei-se;
8] cluineam ort a threise a-taoi.
9] Cuimhne an bhráithris bhím do mhaoidheamh,
10] a mháthair Íosa an fhuilt chlaoin,
11] ó nach cubhaidh re mac Mhoire
12] an cumhain lat goire ar ngaoil?
13] Mall mo fhreagra ó Rígh na n-uile:
14] 'gum urnaidhe gá fhad bhia?
15] mar a-taoi liom meisde ar meanma
16] leisge riom dá ndearna Dia.
17] Rí na ndúl dá ndearna ar n-eiteach
18] iarraim ort, gidh ard an chéim,
19] sinn ar-aon do dhul fa dhiomdhaidh,
20] a shubh craobh dar bhfiodhbhaidh féin.
21] Gidh bé itche iarrfas mei-se,
22] a mhathair Dhé---dia do bhail--23] gomadh neamh ar thós a taradh,
24] gidh eadh fós ní anabh air.
25] Ní haisgidh cruidh gidh créad eile
26] iarrthar uaim ar th'earrla nocht;
27] ní beithte, a mháthair Dhé, i ndiam- hair
28] gidh bé a-táthair d'iarraidh ort.
29] Dá nguidhe Críosd tar ceann mh'anma
30] lem aigneadh ní headh budh lór
31] ar son Néill Gairbh muna ghuidhe
32] im ainm féin, a Mhuire mhór.
33] Riot do-bheirim---bíodh ar th'eineach--34] a inghean Anna as ard clú,
35] taobh re hÓ Conaill do chobhair,
36] toghaim mar mhaor dtobhaigh thú.
37] Cabhair do rígh rátha Murbhaigh,
38] a Mhuire, a bhuime na mbocht,
39] mar do bheinn féine i n-idh iarainn
40] déine ná sin iarraim ort.
...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    MIRABIANCO E NEROESSERE MADRELA REGINA DELLE NIAGARA FALLS
  • Libri.it
  • Treccani