Title: A-TÁID TRÍ COMHRUIG IM CHIONN

Author:TADHG ÓG Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
A-táid trí comhruig im chionn
Author: Tadhg Óg Ó hUiginn

1] A-táid trí comhruig im chionn
2] fá ndligh mé meanma ísioll;
3] dúinne budh tráth dhá dtuigsin
4] núidhe a-chách na comhruig-sin.
5] Ní damh nach doirbh an obair
6] teacht ó na trí comhrogaibh;
7] ní sia ar réi-ne ná a ré sin
8] ar ré le chéile chaithir.
9] Gidh bé do bheith ar a dtí
10] an lucht comhruic-se ad-chluintí
11] ó ghleó an trír-se ní thiocfa
12] beo acht le hísle aigionta.
13] Cosg éanlá ní headh budh lat
14] is a n-arm aca ar iomlat;
15] lá dot aimsir ghirr ná gad
16] is rinn na n-airm-sin ionnad.
17] Gan mo liaigh do léigin uaim
18] re headh laoi d'uain nó d'anuain
19] cóir damh go bhfionnam an bhfuil
20] blagh ionnam do na harmuibh.
21] An chalann ag comhrag riom
22] 's an tighearna tá i n-Ifrionn
23] 's an saoghal seise ar gcolla
24] mhei-se im aonar eatorra.
25] Docair don anam iodhan
26] dul uatha gan aimsioghadh;
27] a-táid trí biodhbhaidh 'n-a bun
28] ar tí ionnlaigh an anman.
29] An t-anam is uaigneach dhi
30] 'n-a haonar gan fhior páirte;
31] ar gclí-ne 's a cáraid gaoil
32] a námhuid fhíre d'éantaoibh.
33] A-táid triúr nach tualaing mé
34] do chosg dhíom---dia do thoirrse--35] an cholann-sa bhias dom brath
36] 's a dias chomhfhallsa chumthach.
37] A-tá romham bearn bhaoghail
38] bréag dhiombuan an drochshaoghail;
39] is gearr má dheach don domhan
40] go ndeach ceann na gcathoghadh.
41] Sirid mh'aonta ó aois leinibh
42] teaghlach tighe Lúisifir;
43] ar gcoimhéid-ne is ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    CHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?AMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneIL CIMITERO DELLE PAROLE DOLCILINETTE – COMPAGNO DI GIARDINO
  • Libri.it
  • Treccani