Title: DÁ BHRÁGHAID UAIM I NINIS

Author:TADHG ÓG Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Dá bhrághaid uaim i nInis
Author: Tadhg Óg Ó hUiginn

1] Dá bhrághaid uaim i nInis
2] triall cugtha is cuaird neimhmilis;
3] adhbhar sgís a sgaradh rinn
4] anadh ón dís ní dhlighfinn.
5] Dá bhrághaid---buan an phudhar--6] nach fuighthear re bhfuasguladh
7] ---do bhá uair is do b'ionmhuin--8] a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.
9] Dias brághad---ní beithte ris--10] do-chuadar uaim go hInis;
11] mé gan sheise ó shain a-nall
12] do sgair mei-se dá marann.
13] Is é ar leas gan í d'fhaicsin
14] Inis d'éis na mbrághaid-sin;
15] mar shaltraim ar úr Innse
16] achmhaing mo shúl shilim-se.
17] Truagh mo chomhrádh ós a gceann
18] ag ceileabhradh don chuibhreann;
19] do-bhir mo chridhei-se i gceas
20] sibh san Inis-se i n-uaigneas.
21] A-tá i nInis---uch do bhroid!--22] Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
23] a-tá Gráinne---doilghe dhamh--24] bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
25] Gé a-tú beo ní fhuilim ann
26] Ua Mathghamhna ó nach marann;
27] mo sheise mná ó nach mair
28] a-tá mei-se gan mharthain.
29] A-tá gach éigeas oile
30] ar fhud Innse Laoghaire
31] mar tám i ndiaidh na deise;
32] lán do chiaigh an cridhei-se.
33] Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
34] ní hurusa a hoileamhain;
35] sul do bhí acht éantoirrse ann
36] ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
37] A-tá doigh éigneach oile
38] im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
39] doigh ag iomghoin ar mh'árainn
40] im iomdhaidh nach iompághainn.
41] Ríoghan do fhréimh na gColladh
42] is í ar tús do thoghamar;
43] truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
44] mh'annsa d'Ú ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI UCCELLI vol. 2LA PESTE SCARLATTAGLI INSETTI vol. 2TILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMA
  • Libri.it
  • Treccani