Title: FÓD CODARSNA CRÍOCH BHANBHA

Author:EOCHAIDH Ó HEOGHUSA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Fód codarsna críoch Bhanbha
Author: Eochaidh Ó hEoghusa

1] Fód codarsna críoch Bhanbha;
2] mór d'uaislibh na hathardha
3] taoth ar sgáth oiléin na n-olc
4] fan gnáth doimhéin do dhúsocht.
5] Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil,
6] iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh,
7] iomdha oil úir san eing-se
8] re goimh thnúidh 'n-a timchill-se.
9] Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,
10] gnáth leo lot na hathardha
11] re gomh croidhe dá chéile;
12] blogh oile dá haimhréidhe.
13] Meinic a-niodh 's a-nallain
14] miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh
15] do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais
16] fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais.
17] Meanma chroidheamhail chogthach,
18] aigneadh doiligh díoghaltach
19] dóibh sin ag saorchath Banbha
20] fir na n-aolchlach nAllmhardha.
21] Lucht inghreama Innse Fáil
22] 's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin
23] casmhail a rún dá-roile
24] fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine.
25] Eagla cniochtGhall re a gceanaibh
26] eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh
27] 's gan ghlas fa éineing orra
28] ní has d'Éirinn eatorra.
29] Gidh eadh ní hionann gach olc
30] is anbhuain fhairche Chonnocht,
31] achadh cuaingheal na gcall sean,
32] ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal.
33] Sluagh Danar ar dhruim a cean
34] ar olc re huaislibh Ghaoidheal
35] tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,
36] Gaoidhil san chruth chéadna-sain.
37] Tnúthach bhfoghla re fada
38] Goill is mac Meic Diarmada
39] ---mór d'éintír ionnramh a n- olc--40] fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht.
41] Ní choisgid aonlá d'fhoghail
42] Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair;
43] bídh amhlaidh ar fhuath na nGall
44] faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall.
45] Ní lugha as mhillteach mac Taidhg
46] ar iath Cruachna an chláir mhínaird
47] tír bhreaclongach na mbruach slim
48] d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn.
49] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    COSÌ È LA MORTE?ESSERE MADREEDMONDO E LA SUA CUCCIAN. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIA
  • Libri.it
  • Treccani