Title: TEALLACH EINIGH IATH LAIGHEAN

Author:EOCHAIDH Ó HEOGHUSA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Teallach einigh iath Laighean
Author: Eochaidh Ó hEoghusa

1] Teallach einigh iath Laighean;
2] mór gceardcha 'n-ar cumhdaigheadh
3] an ghairm nach gnáth i n-asgaidh;
4] ní hainm gan fháth fhuarasdair.
5] Teallach einigh Innse Néill
6] do bhí dá rádha riui-séin
7] an síol fionn-sa Nuadhadh Neacht
8] sluaghadh do b'ionnsa d'imtheacht.
9] Aighthe éigeas Innse Fáil
10] a-tá ó thús an domhnáin
11] ---ní diombuaine a ndál a-niodh--12] ar chlár lionnuaine Laighean.
13] Cúigeadh chloinne Cathaoir Mhóir
14] baisdear air---ní hainm éagcóir--15] múr roidhil síthbheannach sliom
16] prímhtheallach oinigh Éireann.
17] Cia do-chluin nó do-chualaidh
18] maith mar mhaith an mhórshluaghaidh?
19] do b'iontogha olc na bhfear
20] um ghort lionntana Laighean.
21] Caidhe i n-éanaird d'Inis Breagh
22] a coimmeas re crích Laighean?
23] níor feas úir an oirir fhinn
24] gan dúil oinigh 'n-a inntinn.
25] Tarla tar éintír eile
26] dochar deiridh aimsire
27] is trom céadaslaigh na gcliar
28] ar fonn ngéagarsaidh nGailian.
29] Gár bheag dhúinn dá dhearbhadh sin
30] geall Athairne uair éigin
31] i n-am anaslaigh gach aoin
32] don talamh-soin chlann gCathaoir.
33] Don chuaird thimchill thug orra
34] a bhreith féin fuair eatorra
35] dream do aithigh anbhuain gliadh
36] ó mhaithibh glanshluaigh Gailian.
37] "Dream budh chuirthe i mbar gcumaidh
38] ní chluinfeam ní chualamair;
39] a-tá an geall libh, a Laighne,
40] sibh as fhearr" ar Athairne.
41] Tug Féidhlim mór mac Criomhthain
42] geall oinigh tar Éireannchaibh
43] don droing náir oirbheartaigh fhéil
44] dáil do oirdhearcaigh iaid-séin.
45] Toisg dar thriall a Caisiol Chuirc
46] mac Criomhthain---fa cuaird orrdhuirc--47] d'fhagháil gliadh a ngéirreann gcruaidh
48] is giall Éireann i n-éanuair.
...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL RE CHE VALEVA 4,50€ BIANCO E NERODINO PARK vol. 2LA REGINA DELLE NIAGARA FALLS
  • Libri.it
  • Treccani