Title: DEALG ATHÁLAIDH OTHRAS TAIDHG

Author:EOCHAIDH Ó HEOGHUSA
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Dealg athálaidh othras Taidhg
Author: Eochaidh Ó hEoghusa

1] Dealg athálaidh othras Taidhg;
2] dar n-antráthaibh tochta an tuilg;
3] créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg
4] loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb.
5] Ar n-eagla tar éis gach chráidh
6] an té ro budh teasgadh dhúin;
7] is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh
8] i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin.
9] Rugadh uain-ne---anba an choill--10] na huaisle fa hannsa linn;
11] fuighleach áir chathshlóigh Ó gCuinn
12] do bháidh i dtuinn athbhróin inn.
13] An Aodhchlann rer dheacar dréim
14] do heasgradh go haonchrann siuil;
15] damhraidh as daithe do-chuaidh
16] saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin.
17] Gan iarsma leanfas a lorg
18] ar ealbha na ngliadhchath ngarg
19] ní tearc m'aithghin trá ro threaghd
20] dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.
21] Táinig d'othras eidhre Briain
22] gan dochar eile ar ar n-úidh
23] ---ar dtreabhlaid fa súgradh sáimh--24] dúbladh cráidh gur dhearlaig dhúinn.
25] Níor theinn go heasgar an fhir;
26] níor theidhm achd teasgadh mar sein,
27] beag más tinne an tí ar a bhfuil;
28] níor doigh linn-ne ní achd a neimh.
29] Ní rángas deacar go a dháil,
30] go a theasgadh ní tángas fúinn;
31] do b'í an chreach-sain críoch ar leoin;
32] easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth dhúinn.
33] Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis,
34] ar ngéagcraobh go n-aibche fháis,
35] snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais,
36] ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis.
37] Ar meadhar, ar macámh búidh,
38] ar mbradán beathadh, ar mbrígh,
39] ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir,
40] dile ar ngráidh, ar siansa sídh.
41] Iomdha cruth i n-éagcruth uadh
42] is céadfadh dá cur ar ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL RIPOSINOLA PESTE SCARLATTAIL VIAGGIO DELLA MADREPERLA 3 – L’OMBRA DELLE PIETREI DUDÙ VANNO A SCUOLA?
  • Libri.it
  • Treccani