Title: NÁ DÉANA DÍOMAS, A DHUINE

Author:AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Ná déana díomas, a dhuine
Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh

1] Ná déana díomas, a dhuine;
2] deimhin go bhfríoth fios do locht,
3] fogus daoibh for-íor an t-uamhan
4] ná bíodh dá thaoibh uabhar ort.
5] A dhuine bhoicht ná bí díomsach,
6] do dheireadh féin féach a-nú;
7] a-tá sealbh ag an éag oraibh,
8] is dearbh nach géag thoraidh thú.
9] Rachthair a-rís san gcriaidh gcéadna
10] ---a criaidh ar dtús tháinig sibh;
11] an t-uabhar dá thaoibh níor thréigis;
12] uamhan daoibh ar léigis libh.
13] Cairde aithghearr is eadh fhuarais,
14] ní fada ón chriaidh a cur ort;
15] dá mbé go bhfuil do ré romhaibh
16] ní fhuil sé gan omhain ort.
17] D'éis an bháis ní bhéara sibh- se
18] síos fan dtalmhain a-tá fóibh
19] ---uch, a thruaigh, is truagh an mealladh--20] buar ná cuaigh ná earradh óir.
21] Ní bhia achd aonbhrat is é cumhang
22] fad chorp ar gcaitheamh do ré;
23] tú mar chraoibh ar gcur a duille
24] ar ndul daoibh don chruinne ché.
25] Mór an truaighe mar tá sibh-se,
26] seargfaidh do chlí claonfaidh t'fholt;
27] mór an béad mar taoi id thoirrchim
28] 's an t-éag gach laoi ag oirchill ort.
29] Brisfidh do dhearc---ba dáil baoghail--30] biaidh do bhéal ar dhath an ghuail;
31] ná bí gan omhan t'fhir chagaidh;
32] ag sin robhadh agaibh uaim.
33] An troightheach---is tráth dá fhógra--34] re hucht an bháis---is beart truagh--35] creidthe dhíobh i gcriaidh an Choimdheadh
36] biaidh fo-ríor 'n-a oighreadh fhuar.
37] Rachaidh claochlódh ar chruth t'aighthe,
38] d'éis t'éaga do b'olc do niamh,
39] biaidh do bhéal mar an ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI INSETTI vol. 2LA PESTE SCARLATTALA REGINA DELLE NIAGARA FALLSDINO PARK vol. 2
  • Libri.it
  • Treccani