Title: DIA DO BHEATHA, A MHOIRE MHÓR

Author:AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Dia do bheatha, a Mhoire mhór
Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh

1] Dia do bheatha, a Mhoire mhór,
2] a bheatha as ghloine ná an ghrian;
3] Dia do bheatha, a shúlmhall shaor,
4] a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar.
5] Dia do bheatha, a bhuime an ríogh
6] im sheasamh im shuidhe im shuan;
7] Dia do bheatha, a fhabhra úr,
8] a rún m'anma, a bheatha bhuan.
9] Dia do bheatha, a fholt mar ór,
10] Dia do bheatha, a bhos mar aol,
11] Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,
12] Dia beatha a lón gnáth dod ghaol.
13] Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,
14] do bhuadh ní measda do mhnáibh;
15] slighe m'anma is déanta id dheoigh,
16] a réalta eoil chabhra cáigh.
17] Dia do bheatha, a bhéal mar rós,
18] Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,
19] Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,
20] dod ghaol suas beatha gan bhás.
21] Dia do bheatha, a mhálla mhín,
22] a ré lán le mbearar buaidh;
23] Dia do bheatha i n-am an eoil,
24] a chrann seoil an bheatha bhuain.
25] Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,
26] éinbhean ní curtha ós do chionn
27] ar chombáigh do mhongshúl mall
28] fa bharr thromúr fholláin fhionn.
29] Dia do bheatha, a bhruinneall shaor
30] ler tuilleadh beatha gan bhiadh,
31] a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh
32] a dheisbhean shaor ógnár fhial.
33] Fáilte uaim dod mhalaigh mhín
34] rer samhail snátha seang sróill,
35] nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil
36] far sgaoil buaile d'íornaibh óir.
37] Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill,
38] 's dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn,
39] 's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,
40] 's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.
41] Fáilte uaim dod ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    CIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITAIL RE CHE VALEVA 4,50€ TILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀCHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?
  • Libri.it
  • Treccani