Title: CIONNUS DHÍOLFAD MO LUACH LEIGHIS?

Author:AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Cionnus dhíolfad mo luach leighis?
Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh

1] Cionnus dhíolfad mo luach leighis?
2] an liaigh neamhdha is é rom fhóir;
3] rachaidh sinn do dhíon ar ndocra
4] dá dhíol do rinn molta mhóir.
5] Tuilleadh ré dá ndáile dhamh-sa
6] díoghrais molta as mhó iná so
7] an liaigh neamhdha do-ní ar bhféaghain
8] is í ar meanma a déanaimh dhó.
9] Ní d'iarraidh cruidh ná cuach n- órdha.
10] ní d'iarraidh airgid ná óir,
11] do-ní ar bhfreagrai-ne i ndáil docra
12] fáidh eagnaidhe an mholta mhóir.
13] Annsa leis-sean leathrann molta
14] ná maith bhréige an bheatha bhuain;
15] labhra chaoin is croidhe fialchar
16] ní maoin oile iarrthar uaidh.
17] Fóir, a liaigh chabhra na cruinne,
18] an corp fuar-sa ar a bhfuil sgís;
19] a shaoi leagha an leighis amhra
20] leighis cneadha m'anma ar-ís.
21] A n-imtheacht ní damhna doilghis
22] an déad daithgheal ná an dearc mhall;
23] ní díol uaille an chalann chneasbhán
24] truaighe an t-anam easlán ann.
25] Ós é shire mar luach leighis
26] ní leasg leam-sa cur do chlú;
27] a liaigh mo chridhe as cóir d'adhradh,
28] glóir nimhe is talmhan tú.
29] Tú an Dia gan deireadh gan tosach
30] tú an ceard do chruthuigh gach dúil
31] a rí na n-uile is na n-aingeal
32] do ghuidhe is í as daingean dúinn.
33] I mbroinn na hóighe is tú tháinig
34] tú do cheannaigh cách led chrú,
35] tú an taitneamh as sia soilse,
36] Dia ar nach faightear tuirse tú.
37] Tú mhínigheas an mhuir anfaidh
38] is arduigheas an mhuir mhín;
39] a liaigh do theilg fhuil an ochta
40] ní fhuil ceird ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    COSÌ È LA MORTE?I DUDÙ VANNO A SCUOLA?BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINICHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?
  • Libri.it
  • Treccani