Title: FORAIRE ULADH AR AODH

Author:MAOL SHEACHLUINN NA N-UIRSGÉAL Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Foraire Uladh ar Aodh
Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn

1] Foraire Uladh ar Aodh;
2] ní hadhbhar eagla d'aontaobh
3] bheith d'Aodh ag comhfhaire a gcroidh
4] taobh re a fhoraire ag Ultaibh.
5] Do leigsead Ultaigh uile
6] taobh re hAodh an fhoraire;
7] fuath suain 'ga dheaghoireacht de
8] sealoidheacht ní fhuair impe.
9] Doras oslaigthe Uladh
10] tarla ar sliocht na seanchuradh
11] fian Toraighe i dteannta Gall;
12] bearnta foraire a bhfearann.
13] Baoghlaighe iná a bhearnadh dhí
14] dá bhfuil aisde agus innte
15] críoch Chonaire is Chuirc Chaisil
16] puirt fhoraire an Aodhai-sin.
17] Innbhear Bóinne agus Banna
18] is gach fonn dá bhfuil eatorra
19] feithidh---gá foraire as fhearr--20] beithir romhaighe Raoileann.
21] Dún Dá Leathghlas na learg nglan
22] Dún Sobhairce Dún Dealgan
23] do-ní ag comhfhaire na gcath
24] foraire na dtrí dtulach.
25] Dírim do mhuinntir mheic Airt
26] go Baile an Iobhair orrdhairc
27] go Rinn Sibhne dhóibh ar ndul
28] 's nó go róigh imle Uladh.
29] Leathaidh ar phobal Phuirt Rois
30] 's ar chaladh gCairrge Fearghois;
31] 's ar Thráigh mbinncheolaigh mBaile
32] imtheoghaidh an fhoraire.
33] Ó Chúl Raithín na ród nglan
34] ní fhuil soir go hAird nUladh
35] port dá roimhéad ná caol cuain
36] gan choimhéad d'Aodh re haonuair.
37] Ó Aird Uladh an fheoir mhaoith
38] go Beinn nÉadair mheic Éadghaoith
39] gan fhoraire ó Aodh ní fhoil
40] raon maraidhe ná marcoigh.
41] Ar Mhág Aonghusa uile
42] tairgfidh ó tá an fhorfhaire
43] drud i ngoire ghlanshluaigh Ghall
44] 's a bhfoighe d'anbhuain d'fhulang.
45] Ar sgáth chóigidh chlann Rosa
46] fuilngidh Aodh Mág Aonghusa
47] cian uadha a ghníomha goile
48] síona fuara ag foroire.
49] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    DINO PARK vol. 2LA REGINA DELLE NIAGARA FALLSSCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILEIL BRUTTO ANATROCOSO
  • Libri.it
  • Treccani