Title: DO BHRISEAS BEARNAIDH AR BHRIAN

Author:MAOL SHEACHLUINN NA N-UIRSGÉAL Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian
Author: Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn

1] Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian;
2] ní gabhtha dhó mar dhímhiadh
3] gidh bearna do brisde leam
4] ar chisde fheadhma Éireann.
5] Gé bhrisim air im aonar
6] beirn le beagán iolfhaobhar
7] brisidh caithbhearna ar chéad fear
8] géag as aithreamhla aigneadh.
9] Ní hionann agus é féin
10] meinic bhriseas beirn n-aigmhéil,
11] ar tuir mBearbha níor bhlaghas
12] bearna as a bhfuil foltanas.
13] Urchar beirne do bhriseadh
14] dom iomarcaidh aigei-sean
15] is béimeanna ar a mbí neimh
16] is trí géirreanna gaisgidh.
17] Dá mhanaois bhrisde bearna
18] aige agus lann loinneardha;
19] an tsoighead gémadh í ann
20] nocha bí a hoiread agam.
21] An t-arm ler bhriseas bearnaidh
22] ar chuingidh clann dToirdhealbhaigh
23] ní fhuil ag an dearccorr dhonn
24] leathtrom nach cuir i gcomhthrom.
25] Do-ríneas beirn do bhlaghadh
26] air a hucht na healadhan
27] cóir labhra dá char i gcéill
28] mar tharla dhamh is doi-séin.
29] Seacht leithbhliadhna do léigeadh
30] gan chánaigh gan choimhéigean
31] Magh Inghine an Sgáil far sgoil
32] ó fhinnbhile Chláir Chobhthoigh.
33] D'ionadh a n-áirgheadh nó a n-each
34] ní coigillte ar chionn Chairbreach
35] fear uaim i n-oirchill a gcruidh
36] ná cluain oirchinn dá n-eachaibh.
37] Mac Raghnailte an rúin chéillidh
38] gabhais fearg an bhflaithfhéinnidh
39] mar nar seachnadh uaim don fhior
40] cluain a eachradh nó a áirgheadh.
41] Ní nar bh'iongnadh dhó dá dhruim
42] mh' fhearg mhór-sa re mac Domhnuill;
43] lasaim go fear ar bhfeithmhe
44] gur bhean asainn imirche.
45] Brisdear agam 'n-a aghaidh
46] bearna ar Bhrian Ó Conchobhair;
47] a bhaile ránag a-rís
48] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    COSÌ È LA MORTE?IL RE CHE VALEVA 4,50€ GLI UCCELLI vol. 2CIOPILOPI MARZO 2024 – SULLA MORTE E SULLA VITA
  • Libri.it
  • Treccani