Title: EACH GAN ARADHAIN AN FHEARG

Author:MAOL SHEACHLUINN NA N-UIRSGÉAL Ó HUIGINN
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Each gan aradhain an fhearg
Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn

1] Each gan aradhain an fhearg
2] do-ní---ghá deacra díbhearg--3] ag breith chéime ar a conair
4] déine eich gan arodhain.
5] Each gan aradhain uirre
6] déine ná rioth réalluinne;
7] deirge ná drithle gan smál
8] crithre na feirge ar bhfadádh.
9] Ionann a n-airdheanna sin
10] ---ní horam-sa nar imthigh--11] neach nach gabhann ar a ghuth
12] each ga mbloghann a béalbhach.
13] Fearg ar bhfagháil a sboraidh
14] mar bhíos each gan arodhain
15] tarla rinn 'n-a tonnghoil te
16] sinn ag comhghoil re chéile.
17] A mheic Raghnailte, a rún ban,
18] tu-sa a-deirim dá déanamh
19] gan fheacadh ó aonghuth dhí
20] an eatal fhaobhrach fheirge.
21] Gidh meise féin ní fríoth ann
22] locadh aonfhocail agam;
23] níor loc mé mian mo theangadh;
24] a srian lé do léigeamar.
25] Níor thógbhais do shúil ó shin
26] riom, a Bhriain Í Bhriain Luighnigh;
27] ní cara an tí dá dtabhar
28] fala agus í ar n-arsaghadh.
29] Do thréigis an béas bunaidh
30] riom-sa, a rí Ó gConchubhair,
31] an fhearg ní luaithe leat-sa
32] ná ag searg uaithe t'aigneadh-sa.
33] Cosmhail re Coin na hEamhna,
34] a Bhriain, a bhláth fhíneamhna,
35] do thonn fheirge i ngoire ghliadh
36] 's do cheirde oile ar aoinrian.
37] Mar nach faghadh Cú an chleasraigh
38] díol a fheirge d'imreasnaibh
39] níor bh'iontaoibh cách ris an gCoin
40] i dtráth iompaoidh ó éachtaibh.
41] Laithe do-chuaidh do chur threas
42] nach fuair a fhóirithin d'áitheas
43] dá dtug mire chatha an Chon
44] cridhe na flatha ar bhfiuchadh.
45] Don fheirg do-chuaidh 'n-...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    SCHIAPPETTA È MOLTO SENSIBILETILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMAAMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneI DUDÙ VANNO A SCUOLA?
  • Libri.it
  • Treccani