Title: FUARAS MIAN, ÓN, FUARAS MIAN

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Fuaras mian, ón, fuaras mian
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Fuaras mian, ón, fuaras mian,
2] rí saidhbhir agus é fial,
3] file mi-se ag iarraidh grás
4] mar dhleaghthair gach dámh do riar.
5] Fuaras neart, ón, fuaras neart,
6] rí láidir agus é ceart,
7] rí éisdeas bille na mbocht,
8] rí nach olc do-rinne a reacht.
9] Mo rí mór, ón, mo rí mór,
10] rí nach cuireann suim i stór;
11] ag so an rí dhíolas gach neach
12] don uile idir bheag is mór.
13] Mo rí féin, ón, mo rí féin,
14] rí nach diultann neach fan ngréin;
15] ós é as fhearr dhíolfas mo dhán
16] molfad tar cách mo rí féin.
17] Leigeam dóibh, ón, leigeam dóibh
18] táinte slóigh an bheatha bhuain;
19] molaim feasda rí na ríogh,
20] is é Críost as fhearr fa dhuain.
21] Míchéal maor, ón, Míchéal maor,
22] nar leig mé as an raon riamh,
23] molfaidh mi-se aingeal Dé
24] ós dó féin fuaras mo mhian.
Fuaras.

...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    N. 224 CHRISTIAN KEREZ (2015-2024) MONOGRAFIAIL RIPOSINOTILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOLA REGINA DELLE NIAGARA FALLS
  • Libri.it
  • Treccani