Title: ORT DO SHEISEACHT, A SHAOGHAIL

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Ort do sheiseacht, a shaoghail
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Ort do sheiseacht, a shaoghail,
2] a sgian tana thollfhaobhair;
3] a ghille 's a lúb 'n-a láimh,
4] ag súd inn-ne dot fhágbháil.
5] Mithid damh céim seachad sair,
6] a sheanóir dhoill, a dhomhain;
7] do budh turchar dhamh, a dhuill,
8] urchar do chur lem choluinn.
9] Do budh codladh ar chlúimh thé
10] gan iompódh riot a-ríse;
11] uch, a thruagh, más eadh as áil
12] seal uabh agus gan t'fhágbháil.
13] Seal 'san slighe dhíomhaoin damh,
14] seal 'san saoghal dom shalchadh,
15] seal san lathaigh, loighe an doill,
16] athaidh oile san abhoinn.
17] Ruaig agam d'iarraidh nimhe,
18] ruaig i measg mo mhuinntire--19] tuig trá nach deighcridhe dhamh
20] an dá eitrighe d'adhradh.
21] Siridh féin aireamh eile,
22] a shaoghail, d'ar t'eitrighe;
23] beir, a shaoghail, t'aghaidh uaim,
24] a shalaigh dhaolaigh dhiombuain.
25] A sheanóir thuisleadhaigh thruim,
26] mallacht ort gach fhir chumuinn;
27] go bhfagha shár it sheise,
28] a chlár tana taipleise.
29] Gé taoi ar mo thí, a thruagháin thruaigh,
30] duit do chumas do chéadduain;
31] mór an ceannach deaghóir dhamh
32] seanóir meangach do mholadh.
33] Is tú an giolla fionn fallsa,
34] riot do-chuaidh an cholann-sa;
35] ní tú, a dhalláin a dhomhain,
36] an chnú fhalláin fhoghamhair.
37] Is tú an tsadh mheabhlach mheangach,
38] is tú an bheithir bhéimeannach,
39] tú an aithir sheang, a sheise,
40] is ceann aithigh uirrei-se.
41] Do chuiris díot a-dearair
42] cúig dhíne do dhíneadhaibh;
43] ní fhuil tú acht id chuaille chuir
44] ar bhrú na huaighe, a ánruidh.
45] A ánruidh thruaigh, tomhais dúin
46] gá fuil do-chuaidh fad ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    IL RIPOSINOPOLLICINOTILÙ BLU VUOLE BENE ALLA SUA MAMMALA REGINA DELLE NIAGARA FALLS
  • Libri.it
  • Treccani