Title: CÚIG CÁIS AS MHÓ LE MOIRE

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Cúig cáis as mhó le Moire
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Cúig cáis as mhó le Moire
2] dar fhuiling rí an ríoghthoighe
3] tiocfa tráth as tuar toirse
4] gidh fuar cách sna cásaibh-se.
5] Fios báis a haoinmhic don óigh
6] mar thair tarngaire Simóin
7] fiu a dhoilghe do bhí fan mbás;
8] ní ní gan chuimhne an chéadchás.
9] An dara cás cruaidh an sdair
10] sé ar seachrán re trí tráthaibh
11] mar mhnaoi bhuile do bhí sain
12] Muire agus í dá iarraidh.
13] An treas cás do imthigh air
14] a fhios mar fhuair a mháthair
15] gné do athruigh dá haghaidh
16] gabhthair é le hÍobhalaibh.
17] Ar bhfaicsin Críost i gcruth bháis,
18] a ógh, ba adhbhar uathbháis
19] t'oidhre dod chomhair san chrann
20] go ngonaibh doimhne dearnann.
21] An ceathramhadh cás 's é sain
22] shaorfas mé ar phéin an pheacaidh
23] tre n-a croidhe do-chuaidh sin
24] Muire san uaigh dá fhaicsin.
25] Go raibh Muire uair m'éigne
26] ort, a Chríost, dar gcoimhéid-ne
27] 's na cúig cáis ag labhra leam
28] 's gach páis dá dtarla id thimcheall.
29] An ga do cuireadh id chíogh
30] le ceilg, a oidhre an airdríogh,
31] cuir led ghrásaibh leis an nga
32] luibh leis na cásaibh céadna.
Cúig.

...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    DINO PARK vol. 2BELLA BAMBINA DAI CAPELLI TURCHINIPOLLICINOCHI HA RUBATO LE UOVA DI MIMOSA?
  • Libri.it
  • Treccani