Title: NÁMHA M'ANMA AN CHALANN CHRIADH

Author:DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Námha m'anma an chalann chriadh
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

1] Námha m'anma an chalann chriadh,
2] a hantal is damhna déar;
3] ag lot mh'anma is sí 'n-a suan
4] an chlí is truagh mar tharla tréan.
5] Truagh m'anam uaim ar a hiocht
6] an chalann do-chuaidh tar ceart;
7] ní thig díom díon ar a holc
8] do bhríogh a locht tríom ag teacht.
9] Beag sein dá lochtaibh gach laoi
10] gan a beith fa bhochtaibh Dé;
11] ní fa annsa do b'fhearr í
12] an chlí fhallsa do mheall mé.
13] Ní díol toile gloin a gníomh;
14] mairg a toil do-roighne riamh;
15] leas mh'anaim nach éidir dhúnn
16] séididh fúnn an chalainn chriadh.
17] Toil na clí-se as ghirre gnaoi
18] mar do-ním-se is misde mé;
19] mairg dar bhiodhbha anman í
20] do-ní adhbhar diomdha Dé.
21] A ruachtain a ríogh ar th'iocht
22] do bhríogh a n-uarais dom ulc;
23] i n-iomdhaidh talmhan ar dteacht
24] seacht mbiodhbhaidh mh'anman rem ucht.
25] Tréigean meisge ní hé m'fhonn;
26] ní mó tréigthear leisge liom;
27] guais mar dhíolas an teagh thall;
28] díomas do bharr cean im chionn.
29] Ar ndamhnadh ar ndéinimh craois
30] ní héidir nach adhbhar cáis
31] i ló an mheasda is cruaidh an chúis;
32] ní theasda drúis uaim gan áis.
33] Guais nach rogha leabtha luath,
34] ar mbearta folaigh ó fríoth,
35] gan fúin acht comhrag re cách,
36] dúil ghnáth i bhformad 's i bhfíoch.
37] Mun dtí d'Éanmhac Ríogh na ríogh
38] tar fíoch go ngéabhadh ar ngaol
39] séideadh feirge is fuatha fún
40] ní feirrde ar súr uatha ar-aon.
41] Dul '...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    BIANCO E NEROTILÙ BLU VUOLE BENE AL SUO PAPÀIL CAVALIER IDEALEESSERE MADRE
  • Libri.it
  • Treccani