Title: NÍ FADA ÓN FHÓDLA A TÁTH A DTUAIDHEAMHAIN

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain
2] cách is nuaileabhair dá fhógra i n- aonaighibh;
3] gearr go snadhma sí ris na saoirfhearaibh
4] rí don Ghaoidhealfhuil go mBanbha bhraondairigh.
5] Ní fada cobhair ó chlár ThéiMhidhe
6] ---glár céillidhe re n-oghair gach aonduine;
7] a-táid dá ghairm go Gort nGáirighe,
8] do nocht gach fáidhfhile d'ainm ar n-Aodhai-ne.
9] Ó leargaibh Fhinne go Cliaigh gcroibhiodhain
10] biaidh an Ghaoidhealfhuil ime mar gach aoinfheadhain;
11] badh fogus dóibh teacht a dtuaidheamhain;
12] ní badh tearc nuaidheabhaidh um Bhóinn mbraoin-ealaigh.
13] Eachtra bhus díoth siar fan saoraghaidh
14] le triall I chaomhLughaidh fríoth na fáidhleabhair;
15] bearthar le móirfhear amhla ar Éinleighin
16] slóigheadh céimrighin tre Bhanbha mbáinleabhair.
17] Uaitne na sgol le bhfuil gach fáidhfhile
18] do thuir Gháirighe ar gcor cuairte an chlúmhaile
19] do-gheibhthear a labhra ó leic Laoghaire
20] ag reic ar n-Aodhai-ne re hadhbha nÚghaine.
21] Beid ag a fhréimh um Ráth bhFearadhaigh
22] géill dá leanamhain iar gcách do chomhfhoghail
23] tathamh ar thonnaibh an fhóid fhuineadhaigh;
24] orraidh Í Mhuireadhaigh re cóig comhadhaibh.
25] D'fhior Dúine nach dáigh as a choirm- thighibh
26] toirnfidhir glúine cháigh mar as com- hchubhaidh;
27] flaitheas na Banbha re teas tuillfidhir
28] cuirfidhir na habhla theas fa thromchumhaidh.
29] An t-éasga lán nar loigh fa ainbhfine
30] an ghoil dá tairngire do Chlár choillMhidhe
31] dearbhar le hearla na gcraobh gcumhraidhe
32] Aodh ag furnaidhe na Teamhra toinnghile.
33] Go hUisneach, go fád mbraonach mBreaghMhuighe,
34] go haonach ar dTeamhrai-ne a-tád dá thairngire
35] na haibhne um Chliaigh 's um Chruachain gcollbhuidhe;
36] le buachaill ghormDhuibhe biaidh ar ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    GLI UCCELLI vol. 2AMICHE PER LA VITA - Nuova edizioneIL RE CHE VALEVA 4,50€ IL RIPOSINO
  • Libri.it
  • Treccani