Title: IOMDHA FÁTH AG FEIRG AN CHOIMDHEADH

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
2] cúis a hadhanta fhuair sí;
3] ní thig lá nach iomdha a hadhbhar
4] más diomdha tá ar adhnadh í.
5] Lúisifear nar loc a aimhleas,
6] an t-aingeal do b'áilne gné,
7] do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;
8] níor theilg uadh gan fhachain é.
] Le Lúisifear lá na deaghla
10] an deachmhadh ord ar aoi a gcealg
11] do cuireadh mon-uar i nIfreann,
12] bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.
13] Do chur anma i n-áit gach aingil
14] dar imdhigh ó oidhre Dé
15] do smuaintigh sonn deilbh an duine
16] feidhm ler chom an chruinne ché.
17] Ní hionann is aingle an uabhair
18] Éabha is Ádhamh---anba an bhuaidh;
19] do chruthuigh sin iad rer-oile
20] ní thiad dá thigh oile uaidh.
21] Go haithghearr tar éis a ndéanta
22] an dias-sain dar dháil a thail
23] gér chlann fhíre iad don airdrígh
24] do-ríne siad fairbrígh air.
25] I bParrthas na mbileadh dtoirtheach
26] tiomna Críost níor chomhuill siad;
27] do-niad cailg abhla na haithne
28] mairg tamhna dar bh' aithre iad.
29] Ag sin an dara fáth feirge
30] fuair tighearna na dtrí sluagh
31] foghail cnuais na craoibhe corcra
32] daoine i nguais obtha uadh.
33] Céadfháth feirge fuair ó thosaigh
34] tnúth na n-aingeal---anba an call;
35] an dara fáth coill na cánadh
36] ar chách do choill Ádhamh ann.
37] An treas fáth ag feirg an Dúilimh
38] do dhoirt Cái-in---creidim súd--39] fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill
40] báthadh gráidh an ámhaill úd.
41] Do thuill Naoi fós feirg an Athar
42] ón áirc an tan ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    TUTTI UGUALI IN FAMIGLIA!GLI UCCELLI vol. 2TILÙ BLU NON VUOLE PIÙ IL CIUCCIOMIRA
  • Libri.it
  • Treccani