Title: DO BHÁIDH TEINE TÍR CHONUILL

Author:FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD
Subject:POETRY
Source:
Download book:
Words Statistic:words statics
 

Number of words for page:
Do bháidh teine Tír Chonuill
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

1] Do bháidh teine Tír Chonuill;
2] táinig díoth don déathoruinn;
3] gríos beo do bháidh ar dtreise
4] do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.
5] Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
6] lasair innighthe anbháil?
7] do loisg thall seanróimh ar sean;
8] ar neamhghlóir ann do hoirneadh.
9] Árus diadha Dhúin na nGall
10] lá a dheargtha---doirbh an fulang--11] táinig thoruinn tuile bróin
12] do robhuing uile ar n-onóir.
13] Doire Choluim Chille cian ó shoin
14] do loisg teine é amhlaidh;
15] do bháidh grísneimh dá uair inn;
16] suail nar ísligh ar n-uirrim.
17] Rí Éireann---anba an t-eineach--18] do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
19] naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
20] d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.
21] Re mac Ainmhireach ann soin
22] rug buidheachas a bhronnaidh
23] Colum cráibhtheach craobh shéanta
24] naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.
25] An lá-sain féin---fíor an dáil--26] do éirigh---anba an diombáigh--27] lasair bhras teinntrighe te
28] dar las deirgtheine Doire.
29] Tre losgadh longphuirt Choluim
30] do ghabh brón síol saorChonuill;
31] brón a ionnshamhla re headh
32] ar shlógh lionnadhbha Lighean.
33] Doire d'éirghe an dara huair
34] táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
35] d'árus séimh na sreabh leisggeal
36] badh-éin is eadh innisdear.
37] Córaide a uaim amhlaidh sin;
38] an rath céadna ar chath leithbhir
39] fo ríor ní raibhe dá n-éis
40] a mbíodh i mbaile Bhroinséis.
41] Róimh chrábhaidh catha Éirne
42] cóir do Dhia í d'aithéirghe;
43] nír bh'é tol a mbráthar mbocht
44] báthadh do dhol san diadhacht.
45] Dá ndíoghbháil táinig thoruinn
46] uile i n-ar síol saorChonuill
47] tonn bháidhte---is béad lem chridhe--48] ...
Page: 1
 

Help

  • Select one or more words an get availables translation in Logos Dictionary.
  • Set the number of words for each page an refresh the content.
  • Go to begin of the document
  • Go to previous page
  • Go to next page
  • Go to the end of document
  • Libri.it

    BIANCO E NEROIL VIAGGIO DELLA MADREPERLA 3 – L’OMBRA DELLE PIETREEDMONDO E LA SUA CUCCIAMIRA
  • Libri.it
  • Treccani